Micheál Mac Suibhne – Sean Nós na bhFear 2022

Téamaí

Micheál Mac Suibhne / Anois a chailíní sin fios mo thréithre

Is olc an talmhaí mé i dtús an Mhárta
Is ní chaithfinn láidhe go ceann seacht mbliain;
Ní fear gunna mé ná maidí rámha
Agus níl mé i m’fháiteallach ar muir nó ar tír.
Ní bhainfinn an phunann is bhíodh sí in alt a ghearradh
Dhá gcaithfí an gráinne leis an ngaoth aniar;
Is go deimhin a chailín dheas, más mé atá i ndán duit
Is fada fánach a bheas i do thriall.

Agus phósfainn bean eicínt murach nach bhfaighinn í
Ní dhearnas síolchur ins an earrach fós,
Ach istigh fré chailleachaí a’ caitheamh na phíopa,
ag troid, ‘s ag bruíon ‘gus ag déanamh gleo.
B’fhurasta a aithint dhaoibh nach bhfuil mé críonna
mar is olc mo bhríste ‘gus ní maith mo bhróig,
Is go deimhin a chailín deas, más mé do chaoifeach,
beidh málaí chaon taobh ort an fhaide ’s a bhéas tú beo.

‘Séard a deir mo mhuintir do réir a dtuairim
go dtabharfad do na ruaig go Newfoundland.
Ach níl mé fulangach ar iompar ualaigh,
in obair thuaighe ná i ngearradh crann.
Dhá dtigfeadh an stoirm is bíodh a’ teach dhá fhuadach,
Ní ligfeadh an fuacht dom corraí ón splanc
Ach dhá mbeadh teach tábhairne ar mhullach Bhinn Guaire,
ba é mo shuairceas go dtriallfainn ann.

Agus phósfainn bean éicínt dá bhfuil im’ eolas
a mbeadh cúpla bó aici de thosú an tsaoil
Murach mo thaithí a bheith go teach an ósta
’s go mba ghearr an lón dhom a beagán spré.
Dá bhfaighinn iníon a’ bhacaigh ar shúil a’ bhóthair
dheamhan  pingin ná feoirling  a d’iarrfainn léi
Choinneoinn agam bliain nó dhó í
le fonn an eolais a bheith agam féin.

‘S dhá mbeadh gunna agam, grán is púdar,
mharóinn cúpla lacha ar móin,
dhéanfainn iascaireacht le slat nach lúbadh,
Is ba mhaith mo chúnamh á dtabhairt chun boird.
Chuirfinn úpanna i bhfaisiún cúige
Ní fearr ná dhúinfinnse búclaí bróg,
Bhréagfainn a chúilfhionn go croíúil lúfar
Agus dhéanfainn súgradh le cailín óg.

Anois a chailíní, sin fios mo thréartha 
Tugaigí spéis dom nó ligfidh dó; 
Mo chrá, má cheilim- ar aon neach sa saol é, 
Mar is orm féin tá a lear go deo. 
Níl maoin ná cuid agam  saibhreas saolta 
Ach an chróin bhreá ghléigeal le haghaidh tigh an óil. 
Is más é sin m’fhortún is gur b’é gheall Mac Dé dhom, 
Beidh fios mo chéad searc go rí-mhaith go fóill.