Caoineadh na dTrí Muire – Sean Nós na bhFear 2015

Téamaí

Caoineadh na dTrí Muire

A Pheadair a aspail, an bhfaca tú mo ghrá bán?
Ochón, agus ochón ó.
Chonaic mé ar ball é, dhá chéasadh ag a námhaid.
Ochón, agus ochón ó.

Gabhai’ i leith a dhá Mhuire, go gcaoinfidh muid mo ghrá geal.
Ochón, agus ochón ó.
Céard ’tá le caoineadh a’ainn, muna gcaoinfidh muid a chnámha?
Ochón, agus ochón ó.

Cé hé an fear breá sin ar chrann na Páise?
Ochón, agus ochón ó.
An é nach n-aithníonn tú do mhac a mháithrín?
Ochón, agus ochón ó.

An é sin an maicín a d’iompair mé trí ráithe?
Ochón, agus ochón ó.
Nó an é sin an maicín a rugadh ins an stábla?
Ochón, agus ochón ó.
.
Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire?
Ochón, agus ochón ó.
Muise a mhicín mhúirneach, tá do bhéal ’s do shróinín gearrtha.
Ochón, agus ochón ó.

Agus crochadh suas í, ar ghuaillní arda.
Ochón, agus ochón ó.
Agus buaileadh anuas í, faoi leacrachaí na sráide.
Ochón, agus ochón ó.

Ó buailigí mé féin ach ná baini’ le mo mháithrín.
Ochón, agus ochón ó.
Ó maróidh muid thú féin, agus buailfidh muid do mháithrín!
Ochón, agus ochón ó.

Agus cuireadh tairní maola thrína chosa ’s thrína lámha.
Ochón, agus ochón ó.
Agus tiomáineadh an tsleá thrína bhrollach álainn.
Ochón, agus ochón ó.

Ó éist a mháthair agus ná bí cráite.
Ochón, agus ochón ó.
Tá mná mo chaointe le breith fós a mháithrín.
Ochón, agus ochón ó.

Is a bhean atá ag gol de bharr mo bháise.
Ochón, agus ochón ó.
Beidh na céadta inniu, i nGairdín Pharthais.
Ochón, agus ochón ó.

Is níl aon duine a chaoinfeas thú, in oileán Pharthais,
Ochón, agus ochón ó.
Ach ba gheal í a leaba i bhFlaithis na ngrásta.
Ochón, agus ochón ó.