Ócam an Phriosúin- Corn Uí Riada 2018

Ócam an Phriosúin

Ó molaim sú an ghráin eorna go deo deo ‘gus choichín
‘S nach mairg nach mbeadh tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh
Seán Ford a bheith ina ghiúistís, sé chomhairleodh na daoine
Mar sé a chuir mise ag foghlaim ar ócam a spíonadh.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Muise hosclaíodh dhomsa stór a raibh ócam thar maoil ann
Ó thug mé lán mo ghabhlach liom, mo dhóthain go ceann míosa,
Is nach mise a bhain na gáirí as na gardaí a bhí i mo thimpeall
Nuair a d’fhiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fionnach?

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Nach mise a bhíonns go tuirseach ag tochas ‘s ag sníomhadh
Ag obair don eochreóir a bhfuil eochair aige is míle
Is go n-osclódh sé sin doirse ‘gus glais uilig na hÉireann
Is go gcuirfeadh sé na tincéirí is na stiléirí i ngéibheann.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Céard a deir tú le Mac Uí Lochlainn a chuaigh a chodladh go suaimhneach,
Nár ionsaigh na luchain a chuid ócam san oíche.
Is ar maidin lá arna mhárach, bhí an warden á inseacht
By dad”, a deir an gobharnóir, ”tá an diabhail uilig déanta.”

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Nár ghearr le barrach a gearradh den líon é
Nach m’olc é mo ghean ar an tseanbhean a shníomh é.
Ó mheá sí sna scálaí ina mhálaí breá cruinn é
‘Gus ansin leis na carlaí, ó scall sí sa ngeimhreadh é.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú na heorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Bhí mise maidin Domhnaigh is mo leaba déanta síos agam
Nach bhfaca mé an ceannfort ag gluaiseacht go dtí mé.
“An b’in é an chaoi a bhfuil tusa, is an méid atá le déanamh?
Do dhá lámh i do phócaí agat is ócam le spíonadh?”

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Má chuirtear ceist go deo ort cén job is deacra a dhéanamh
Mo dhoimhneas spíonadh ócaim é nó Cuan an Fhir Mhóir a thaoscadh?
‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.