An Luch a Ghearr an Píosa – Sean nós na bhfear 2016

Muise tháinig luch isteach agam is ní ar mhaith liom a bhí sí
Óra ghearr sí slabhairín deas orm is ba dheacair liom a shnadhmadh
Marach fíodóir maith bhí i bhfabhar liom ní bhuafainn aon bhlas choichín air,
Is nár bhuana Dia a family, an luch a ghearr an píosa.

Ó thug tú d’éitheach a chailleachín ní mise a ghearr do phíosa
Ach tharraing tusa an t-anam as go dtarraingíodh sé na céadta
Rachaidh Séamus Cháit i mbannaí dhom go bhfuil mé i mo repealer
‘S ná díbrigh thar an Daingean mé ná ar phasannaí na hÉireann.

Ó chuir sé amach an Daingean í is character léi scríofa
Ó casadh fear faoi bhealach léi is é a’fanacht leis an taoille.
Ó ghlaoigh sé anall le n-ais uirthi agus d’fhiafraigh sé cé scríobh é.
Muise Réamonn Cooke as Gorumna nó ‘n aithníonn tú ar a dhroim é.”

Ó b’fhearr liomsa a bheith liostáilte nó a ghoil ar bhord an steamer
Ná ghoil ar ais go Gorumna mar a rinne siad mé a dhíbirt.
Ach rachaidh mise i mbannaí dhuit nach gcaithfear ráithe an gheimhreadh
Go mbainfidh mise Fraincis as an luch a ghearr an píosa.

D’éalaigh mise isteach uirthi is í gearradh sreanga an túirne
Ó d’éirigh sí go haigeanta ‘gus chuaigh sí siar don tseomra.
Chaith mé an oíche ag faire uirthi is mé ag imeacht ar mo ghlúine.
Ach ní raibh blas ar bith den tsreang agam ach píosa beag den stumpa.

‘S tháinig cat m’aint Eibhlín ‘s d’fhiafraigh sé cén dlí é
Nó cá fhaid ó thosaigh an obair seo ar bhaintreacha dhá dhéanamh;
Ach rachaidh mise i mbannaí dhaoibh nach gcaithfear ráithe an gheimhridh.
Ó go mbainfidh mise bramanaí as an luch a ghearr an píosa.