An tSeanbhean Liath – Corn Uí Riada 2018

An tSeanbhean Liath

Is i tíocht ó Ghaillimh ‘gus ó Bhaile an Chláir dhom
‘S mé tuirseach tarraingthe de bharr an tsiúil
Sea casadh cailleach dhom ag ceann Choill Bhearna,
‘Gus chuir sí fáirnéis, ‘cá raibh mo thriall?

Ó sheas sí romhamsa i mbéal na bearnan
Ar an ceathrú lá ‘éis don chogadh thíocht
An fear meata thú, nó an marbh atá tú?
Nó an dtiocfá sa bpáirtíocht leis an tseanbhean liath?

Ní fear meata mé is ní marbh atá mé
Is ní thiocfaidh mé i bpáirtíocht leis an tseanbhean liath
Ach d’iompaíos thart ‘gus rinne mé gáire
‘Má tá an sparán lán agat, ó bí ag teannadh aniar?

Nach dona an mhaise é don tseanbhean ghránna,
Nuair a chuir sí a láimh ina h-ascail siar.
Seo dhuit an t-airgead, is ná caint go brách air
Mar tá rian na heaglaise fós i do dhiaidh?

Muise casadh an sagart dhom ‘gus mhiníos mo chás dhó
Go raibh ceathrar páistí go lag i mo dhiaidh,
‘S go raibh máithrínn dhona acu nach ndéanfadh cás dhóibh
Dá bhfaigheadh siad rátha léi nó tuilleadh is bliain.

Ó, téigh abhaile, a pheacaigh ghránna,
Mar ‘s measa atá tú ná an té bhrath Dia
‘Gus cuimhnigh gur bean a bhain an t-úll sa ngairdín
‘S cuir cúl do láimhe leis an tseanbhean liath.’

‘Ní seanbhean mise ach is cailín óg mé
Fuaireas scoil is foghlaim i dtús mo shaoil,
Ach dhá mairfeadh m’ dheaide dhom go mbeinnse pósta
Nach mbeinn i gcóistí ag clann an rí.

Is dá bhfágadh bean cuideachta i dtús an Fhómhair
Is nach ngabhfainn-se cónaí go Co an Chláir
Tá deartháir m’athair ann is é in acmhainn mhór ann
Is go mbeinnse i gcóistí leis chuile lá.

Ó b’fhearr liom ceangailte de long trí ráithe
Ná a bheith leat na dtráithtí gan deoch ná bia,
Ná ‘bheith pósta ceangailte le seanbhean ghránna,
Nó cén chaoi a bhfáiscfinn í liom aniar?