A Bhideach na gCarad – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

A Bhideach na gCarad

Is a Bhideach na gcarad tuig feasta nach súgradh é,
Ó thug mo chroí gean dhuit ar mhalairt ná diúltaigh mé,
Mar shíl tú mé mhealladh le bladar deas ciúin i do bhéil
Is ná rí mhór mo ghean ort seachas cailíní deasa an tsaoil.

Is a Bhríd Thomáis Mhurcha, ó, molaim an barr leat fhéin
Ar ghile, ar fhinne, ar dheise ‘gus áille méin.
Do chúilín deas triopallach is é fite ina thrilseáin óir
Is an té (a bheadh gan amharc) nach dtabharfadh sé soilse dhó.

‘S rachad go Gaillimh nó go gceannóidh mé gáirdín úll,
‘Gus loingis ar farraige le haghaidh a bheith ag déanamh spóirt.
Ar fhilliúint ó Shligeach dhom agus leide bheag a fháil don chóir,
‘S ní chónóinn faoi bhealach nó go mblaisfinn do phóg mo stór.

Is dá mbeinnse folamh dar m’fhocal gur mhór a scéal
Is dhá liachtaí sin bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéil.
Dhá mbeadh sé ag cur sheaca, a’ cur sneachta as chuile cheard den spéir,
Ach tusa ’ bheith i m’aice, is ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

’S a aonmhac Muire chuirfeadh an cuileann tríd an bhféar a’ fás,
Nach  mise an trua Mhuire is mé ag cailleadh na ngéag le grá
Dhá mbeadh sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil
Bíodh tusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.