Ócam an Phriosúin – Fir os cionn 35bl 2015

Ócam an Phriosúin

‘Gus molaim sú an ghráin eorna go deo deo ‘gus choichín
Nach mairg nach mbeadh tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh
Seán Ford a bheith ina ghiúistís, a chomhairleodh na daoine
Mar sé a chuir mise ag foghlaim ar ócam a spíonadh.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Muise osclaíodh dhomsa córa a raibh ócam thar maoil ann
‘Gus thug mé lán mo ghabhlach liom, mo dhóthain go ceann míosa,
Is nach mise a bhain na gáirí as na gardaí a bhí i mo thimpeall
Nuair a d’fhiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fionnach.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S nach bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Is nach mise a bhíonns go tuirseach ag tochras ‘s ag spíonadh
Ag obair don eochreóir a bhfuil eochair aige is míle
Is go n-osclódh sé siúd doirse ‘gus glais uilig na hÉireann
Is go gcuirfeadh sé na tincéirí is na stiléirí i ngéibheann.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Is nach mise a bhíonns go tuirseach gach Domhnach is lá saoire
Amuigh anseo sa ngairdín, istigh i bhfáinne is mé ag goil thimpeall
Is go sileann mo shúil deora i gcónaí nuair a smaoiním
Gur olc an obair Domhnaigh dhom bheith i gcónaí ar an gcaoi seo.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Tá fataí ‘gus prátaí i ngairdín an phríosúin
Is neart lena lánadh le fáil ón nGarda Síochán
Tá crann torthaí ag fás ann, airní ‘gus spíonáin
Is siúd é thríd an arm máistir na híocaíocht.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Is bhí mise maidin shamhraidh is mo leaba déanta síos agam
Nuair a chonaic mé an ceannfort ag gluaiseacht go dtí mé.
”Is b’in é an chaoi a bhfuil tusa, is an méid atá le déanamh?
Do dhá lámh i do phóca agat is ócam le spíonadh?”

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Céard a déarfá le Mac Uí Lochlainn a chuaigh a chodladh go suaimhneach,
Nár ionsaigh na luchain a chuid ócaim san oíche.
Is ar maidin lá arna mhárach, bhí an ceannfort á inseacht
“By dad”, a deir an gobharnóir, ”tá an diabhail uilig déanta.”

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Is má chuirtear ceist go deo ort cén job is deacra a dhéanamh
By daid ag spíonadh ócaim é nó Cuan an Fhir Mhóir a thaoscadh?
‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.