An Dall – Corn Uí Riada 2010

An Dall

Thuas i gciumhais an tsléibhe
Tá díol an rí de chéile,
A dtug mo chroí-sa spéis di
Dhá m’bhféidir liom í fháil,
Siúd í fhéin an péarla
Atá múinte, maiseach, maorga
Is mara bhfágha mé í le bréagadh
Ní mhairfidh mé i bhfad san áit.

Tá a grua ar dhath na gcaorthan
Is a leaca mín dhá réir sin,
A folt trom daite, gléigeal
Go féar léi a’ fás.
Is an té a bheadh sínte léithe
Níor bhaol dhó peaca a dhéanamh;
Mar go dtógfadh póg a béilín
Na céadta fear ón mbás.

Tháinig sí go múinte
‘Gus labhair sí lena father,
An scéal seo atá á rá agam
Ó, ní maith liom gan é ‘thriall.
Ach an fear atá  tú cháineadh
Ní scarfaidh mo chroí go brách leis,
Dhá dtagadh Rí na Fraince
Is ‘n Bhanríon ‘na dhiaidh.

Muise iníon chroí na páirte,
Cé gur doiligh liom é  a rá leat,
Mar go bhfuil sé ar fud na háite
Gur bean thú a chaill do chiall;
Ach ós dall a dtug tú grá dhó
Is nach féidir liom cur eadraibh
Seo róipín in do láimh dhuit
Is bí dhá tharrnáil i do dhiaidh!

A chuid don tsaol is a chéad searc
Ná géill-se do do ghaolta
Mar cuirfidh siad i gcéill dhuit
Gach is féidir lena gcroí
Má chaill mé fhéin an léargas
Níor chaill mé meabhair na méara;
Is go seinnfinnse ceol is pléisiúr
Is ar an aonach do mo mhnaoi.

‘Séard a dúirt mo dheaide liomsa
Nach n-aithneofá cat thar chóiste,
Is go mbuailfí buachaill bó orm
Ar an ród i leaba a’ rí.
Ólfaidh sé do chlóca
Do stocaí ‘gus do bhróga,
Is feicfidh mé go fóill thú
Gan cóiriú ná maoin.

Is tá t’athair bocht dí-chéillí
Beidh sé fós is é ag iarraidh déirce,
Is gach a maireann beo dhá mhuintir
Ar chaon taobh de is iad gan pingin
‘S beidh tusa is mise, a stóirín
Agus ór againn ‘na chéadta
Agus leapachaí chlumhach éanlaith
In éadan ár dtír.