Brídín Bhéasaigh – Corn Uí Riada 2011

Téamaí

Brídín Bhéasaigh

Is phósfainn Brídín Bhéasaigh,
Gan stoca, bróig ná léine,
‘S a stór mo chroí, dhá bhféadfainn,
Nach dtroiscfinn leat naoi dtráth,
Gan bhia gan deoch gan aon chuid
Ar oileán i Loch Éirne,
D’fhonn mé is tú bheith in éindí,
Le go réitíodh muid ár gcás.

Do ghrua ar dhath na gcaorthann,
A chuaichín bharr an tsléibhe,
Ó do gheall is ná déan bréag liom
Ach éirigh roimh an lá,
‘S in ainneoin dlí na cléire
Go ngluaisfeadh muid le chéile
Is a Dhia nár dheas an scéala sin,
Duine ag éalú lena ghrá.

Is do gheit mo chroí le buaireamh
Is scanraigh mé naoi n-uaire,
An mhaidin úd ar chuala mé
Nach raibh tú romham le fáil,
‘S a liachtaí  lá faoi shuairceas
Chaith mé is tú ar uaigneas,
Gan aon neach beo d’ár gcumhdach
Ach an crúiscín is é ar an gclár.

Dhá bhfaighinn amach do thuairisc,
Dhá dtéitheá go bun na Cruaiche,
Is nach rachadh an scéal seo crua orm
Nó leanfainn de mo ghrá,
‘S go mb’fhearr liom sínte suas leat
Gan fúinn ach fraoch is luachair,
Ná a bheith ag éisteacht leis na cuacha
Is iad ag ceol gach maidin bhreá.

Sé ábhar m’osna ‘s m’éagaoin
Gach maidin mhoch dhá n-éirím,
A chúl na lúb ‘s na bpéarlaí
Nach tú bhí dhomsa i ndán,
‘S nach n-iarrfainn leat mar fhéirín
Ach mé is tú bheith in éindí,
In áit éicínt ‘nár n-aonar
Le go leagfainn ort mo láimh.

Sheinnfinn ceol ar théada
Go binn le barr mo mhéara,
Is nach dtréigfinn mná na hÉireann ort
Agus leanfainn thú sa snámh
‘S dhá mbeinn mo rí na Gréige
Nó ‘mo phrionsa ar na céadta,
Ó bhéarfainn suas an méid sin
Do phéarla an bhrollaigh bháin.

Is dá bhfeicteá réalt an eolais
Is í ag tíocht i mbéal an bhóithrín
Ó déarfá gurbh í an tseoid í         
A thógadh an ceo ‘gus draíocht
A grua dearg mar na rósa             
Is a súil mar dhrúcht an Fhómhair
Is a béilín tanaí ró dheas
Is a bráid ar dhath an aoil.

Bhí a dhá cích chorra comh chruinn
Mhol mé iad is níor mhór dhom
Is iad ina seasamh ag déanamh lóchrainn
‘S iad ceaptha os comhair a croí
‘S ó tá mé i nduairc is i ndólás
Ó scior tú uaim thar teorainn
Cé gur fada ó fuair mé an chomhairle
Gur tú a ghiorródh ar mo shaol.

Agus tosóidh mé thíos i mBréachmhaoigh
Is rachadh go Loch Éirne
Ó Shligeach go bun Céise
Béarfaidh mé mo scríb
Siúlfaidh mé Móin Éile
Ó Chorcaigh go Binn Éadair
‘S ní sheasfad  i Dún Gréine
Nó go dtéigh mé go Trá Lí.

‘S níl gleanntáin cnoic ná sléibhe
‘Ná baile-cuain san méid sin
Nach dtreabhfad mé má fhéadaim
Is nach dtóródh ann mo mhian
‘S mara bhfágha mé Bríd sa méid sin
Níl agam le rá léithe
Ach slán  is beannacht is céad a chur
Le bláth na sú craobh.

A scéimh, a croí, ‘s a breátha
Ní scríobhfadh Virgil ráithe
A dhá chích gheala bhána
Mar an eala atá ar toinn
A malaí caola tarraingte
‘S a súil chomh cruinn le háirní
A bhíonns  i gcónaí tá’s againn
Ag fás ar bharr na dtoim

Ba mhilse blas a póige
‘Ná mil na mbeach ‘s é reoite
Is nár ba dheas a seasamh i mbróigín
‘S a cúilín fáinneach fionn
Is dá mbeinn-se ‘s bláth na hóige
I mBalla nó i mBoth Chomhla
Ní fhágainn go deireadh an Fhómhair é
Ach a’ spóirt is ag déanamh grinn.

‘S deir Mercury go mba dóigh de
Gurbh é Pluto a sciob an tseoid uaim
‘S gur iomaí garda móra
Tá ag gabháil idir mé agus í
Ach sé Jupiter an máistir
Is trialfar mé ina láthair
Ach fanadh go dtí amárach
Nó go ligfí mé mo scíth

Mar tá mé tuirseach breoite
Ó chaith mé leat mo bhróga
Go síoraí ag déanamh bróin do dhiaidh
Ach ní chodhlaím néal de’n oíche
‘S ó thug Hercules le ró-neart
Cerberus leis de’n bhóthar
Nach measann sibh nár cóir dhom
Mo stór a leanacht síos.

Ach teastóidh cúnamh láidir
Mar níl mé mór le Charon
Ó dhóbair dhó mé bháthadh
Dá dtagainn ina líon
Tá a bhád is a mhaidí rámha
Go sioraí ansiúd ar garda
Ach ní thaithníonn dream an Phápa leis
Ní ghéilleann sé dhá ndlí

Is níor chabhair mhór dhom na Spáinnigh
Mar gheall ar Bhanríon Máire
A bhíonns ag brú is ag carnáil
‘S ag coinneáil na nGall síos
Ach is áil dhomsa é a rá libh
Dhá mairfeadh Annraoi, ‘gus Mártan
Ó scríobhfaidís siad dhom cáirde
Is ní éileoidh orm pingin.

Mar sé Plúto an prionsa clampach
Sciob uaim mo ghrá ‘gus m’annsacht
É fhéin agus Radamantus
Ní caraid dhomsa an dias
Is bulcán bruite dóite
‘S é ar leath-chois briste leonta
Is Minaus nach dtug trócaire
Á ná trustaigh an gadaí choíchin

Nach iomaí abhainn bháite
Sin ‘gus contúirt chráite
Ó loisceadh ‘gus tintreach
Is tóirneach ar chaon taobh
Ach rachaidh mise amáireach
Agus mara n-admhaigh siad mo ghrá dhomh
Gheobhad-sa cónamh láidir
A thógfas í ón draíocht.

Agus Fianta Fhinn níor mhór dom
Ó Osgar ‘s Goll Mac Mórna
‘S Cúchulainn an laoch cróganta
Nár chlis i gcath ariamh
Clann Uisnigh deir go leor liom
A bhaineadh as claimhe lóchrann
‘Gus Hector agus é ina mór-chruth
Fuair foghlaim breá san Traoi

Agus chloisfeá i dTír na hÓige
Gníomh na bhfeara móra
Tráth ar thosnaíodar ag stróiceadh
Is ag gearradh rompu síos
Ach sé Jupiter níor mhór dhom
Chuir Mentor liom ina fhear eolais
Nár lig amuigh ar an ród mé
Go dtug mé abhaile Bríd.