Murchadh Ó Maoláin – Corn Uí Riada 2009

Téamaí

Murchadh Ó Maoláin

Is a chuaichín dheas Mhaigh Álainn, cén fáth ar lig tú an fáinne ort?
‘S gan mise a bheith i láthair, is dar liom péin ba chóir,
‘S a fheabhas a bhéarfainn cáil ar gach uile mhíle ball díot,
Ó ghruaig do chinn le fána go sála do bhróg;
Is a bhfuil ag Rí na Fraince de fhíon, de bheoir, is de bhranda,
‘S an méid sin is ní ghlacfainnse in éiric ar do phóg,
Ach an fhad is bheadh an Eaglais do mo cheangal le do ghrá geal,
Sin é a gcuirfinn d’aird ort an dá lá is a bheinn beo.

Is buachaillín deas siamsúil ‘tá in Murchadh Beag Ó Maoláin,
Tá sé socair saoithiúil, lách cineálta le mná,
Is deamhan bean óg sa tír seo, dhá n-iarrfadh sé nach bhfaigheadh sé,
Is leithchéad gine bhuí leí le leagan ar an gclár;
Séard dúirt an iníon ins an oíche lena máithrín os íseal,
‘Díol na ba is na caoirigh, is bíodh na pighneachaí ar fáil,
Is níor mór dhom os a chionn sin culaith dheas thart timpeall,
Crios den tsíoda is míne ‘gus snaidhm air faoi mo lár.’

Agus siúd é an fear atá gléasta ina bhúclaí is a bhéabhar
A charabhat gléigeal agus a léine gheal bhreá
Óra bheist do thogha an éadaigh, is a chasóg mar an gcéanna
Ón cóta mór den bhearskin ab éadroime is ab fhearr.
Tá a bhríste sa bhfaisiún déanta den veilbhitín ba dhaoire 
Tá stocaí air dhá réir sin, agus féachóg ar a bhráid
Tá a bhróga daite déanta ó lámha Sheáin Uí Bhéartha
‘S dúshlán fearaibh Éireann gur bréag atá mé ‘rá.

Agus d’aithneoinn féin ‘s ba chóir dhom do choiscéim crua ar bhóthar,
Mar is iomaí bean sa tóir air ach ní dhóibh atá sé i ndán,
Deamhan clúid ná ceárd dá choigrích dhá rachadh sé nach mbeidís,
Ag fiafraí cá fhaid siar é go dtriallaidís ‘na cheann;
Is ba rímhaith i dteach an óil é is air nach gcuirfí an stró ann,
Ach, íocfaidh mise an scór sin is olaígí bhur sáith,
Tá an t-ór buí in mo phócaí ‘gus píosa garbha corónach
Is gearr go mbeidh mé pósta le mo stóirín pé ar bith áit.’

Ach ó d’aithris tú do bhriathra, sea thuigim fhéin gur fíor é,
Is iomaí bean dod iarraidh i ngeall ar do cháil,
Tá bean acu i gCliara is bean eile i dtóin Iar-Umhaill,
Céad is fiche maighdean in íochtar Chontae an Chláir;
Is cén mhaith ‘tá dhom dhá gcomhaireamh, dhá méadú nó dhá laghdú,
Ach iad a fhágáil siar is aniar ann, mar tá an iomarca acu ann,
Ach dhá mhéad dá bhfuil dá iarraidh ní phósfaidh sé an bhliain seo,
Mar is fada ó searc i gcian dó ag meidhreog an bhrollaigh bháin.