Art Ó Ceallaigh – Corn Uí Riada 2012

Art Ó Ceallaigh

Bhí mise seal fada  is mé ag taisteal na tíre,
Is Tigh Airt Uí Cheallaigh ‘sea casadh san oíche mé;
Fuair mé teach folamh ann, gan tine gan daoine,
Is shuigh mise síos ann go liginn mo scíthe,
Is m’óchón!

Is d’éirigh Art ‘na sheasamh ar buile, is bís air
Is níor lig sé fad startha gur fhiafraigh sé díomsa:
“Céarbh iad do  chine, nó a dhuine, cá mbíonn tú,
Nó cé an cat marbh a chas ‘un mo thí thú?”
Is m’ochón.

Nach suarach don athair a rinne dhuit saothar
Thug  teas tine dhuit foscadh ná dídean
Nár lige Mac Muire go mbeadh fios mo ghaoil agat
Mar is cosúil, a Airt, nach duine le Críost thú.”
ochón!

D’éirigh Art is é agam ansin le glan fhírinne
Is ghabh sé gach leithscéal dhá dtig lena chroí istigh,
“Nár shíl mé gur bacach as Contae na Mí thú
A ghoideadh mo chlóca, mo léine is mo bhríste.”
Is m’ochón!

“Is ní bacach ná spailpín as aon cheard don tír mé
Téimse a chodladh le titim na hoíche.
Is ní chorraím ar maidin go n-airím na daoine,
Is deamhan blas a ghoidfinn ó aon fhear choíchín.”
ochón!

“Arú stop do chuid clabaireacht stop  do chuid gliomaireacht,
Ó tuige nár shín tú cois sconsa nó díoga?
Nó duil go tigh an tábhairne a’ caitheamh na pinghne
Nuair bhinnse ar mo thaisteal is mar sin a ndeinse.”
óchón!

Is deamhain na feasach dom tábhairne ar bith bhith im’ thimpeall
Mara dtéinnse go Garumna an tráth seo d’oíche.
Is má tá siad ina gcodladh ann is deacair a ndúiseacht,
Ní fiú sin an t-anró an t’aistir a dhéanamh.”
ochón!

“Is níl an bealach chomh bascaigh is is deacair a shílfir;
Tá ‘n oíche fada ‘gus an ghealach ag éirí.
Ó siúd síos an t-aicearra is lean de caol díreach
Thar Dhroichead na Cailligh is thar Chartúr na gCaorach.”
ochón!