Ócam an Phríosúin – Corn Uí Riada 2017

Ócam an Phríosúin

‘Ó, molaim sú an ghráin eorna go deo deo ‘s choíchin
‘S nach mairg nach mbíonn tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh
Seán Ford a bheith ina ghiúistís, sé chomhairleodh na daoine
Mar sé a chuir mise ag foghlaim le ócam a spíonadh.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Bhí mise maidin shamhraidh ‘gus mo leaba déanta síos agam
Nuair a chonaic mise an sáirsint ‘s é gluaiseacht go dtí mé.
”Is b’in é an chaoi a bhfuil tusa, is an méid atá le déanamh?
Do dhá lámh i do phócaí is ócam le spíonadh?”

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

‘S osclaíodh dhomsa stóras a raibh ócam thar maoil ann
‘Thug mé lán mo ghabháil liom, mo dhóthain go ceann míosa,
Is nach mise a bhain an gáire as an ngarda a bhí i mo thimpeall
Nuair a d’fhiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fionnach?

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Shílfeá gur barrach a baineadh den líon é
Is níorbh mhór é mo ghean ar an tseanbhean a shníomh é.
Mheáigh sí sna scálaí ina mhálaí breá cruinn é
Nó sin, nó leis na carlaí, scall sí sa ngeimhreadh é.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Is nach mise a bhíonns go tuirseach ag tochras ‘s ag sníomhadh
‘S mé ag obair don eochreóir a bhfuil eochair aige is míle
Is go n-osclódh sé doirse ‘gus glais uilig na hÉireann
Is go gcoinneodh sé na tincéirí is na stiléirí i ngéibheann.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Is nach mise a bhíonns go brónach chaon Domhnach is lá saoire
Ag siúl amuigh sa ngairdín, istigh i bhfáinne is mé ag goil thimpeall
‘S go sileann ó mo shúil sruth deora nuair a smaoiním
Gur olc an obair Domhnaigh bheith i gcónaí ar an gcaoi seo.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

‘S céard deir tú le Mac Uí Lochlainn a chuaigh a chodladh dó fhéin go suaimhneach,
Nuair a d’ionsaigh na luchain a chuid ócam an oíche sin
Ar maidin lá arna mhárach, bhí an warder á inseacht
“By dad”, a deir an gobharnóir, ”tá an diabhail uilig déanta.”

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

Is tarraingeofar sú na heorna fós ins an ísleán
Beidh buidéil ins chaon láimh againn, amhráin agus rince
Beidh an pota ‘gus an dabhach is an chabhair ag tíocht timpeall
Beidh gloine againn le n-ól di, is ár gcuid ócam dhá spíonadh.

‘Gus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
‘S go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.

‘S tá fataí ‘gus prátaí i ngairdín an phríosúin
‘S meitheal lena lánadh le fáil ón nGarda Síocháin
Tá crann torthaí ag fás ann, ó airní ‘gus spíonáin
Ó siúd é thríd an arm é máistir na híocaíocht.