Murchadh Beag Ó Maoláin – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

Murchadh Beag Ó Maoláin

Is a chuaichín dheas Mhaigh Álainn, cén fáth ar lig tú an fáinne ort?
‘S gan mise a bheith i láthair, is dar liom péin ba chóir,
‘S ar fheabhas a bhéarfainn cáil ar gach uile mhíle ball díot,
Ó ghruaig do chinn le fána go sála do bhróg;
Is a bhfuil ag Rí na Fraince de fhíon, de bheoir, is de bhranda,
An méid sin is ní ghlacfainnse in éiric ar do phóg,
Ach an fhad is bheadh an Eaglais do mo cheangal le do ghrá geal,
Sin é a gcuirfinn d’aird ort an dá lá is a bheinn beo.

Muise buachaillín deas siamsúil ‘tá in Murchadh Beag Ó Maoláin,
Tá sé socair saoithiúil, lách soineanta le mná,
Is deamhan bean óg sa tír seo, dhá n-iarrfadh sé nach bhfaigheadh sé,
Is leithchéad gine buí leí le leagan ar an gclár;
Séard dúirt an iníon ins an oíche lena máithrín os íseal,
‘Díol na ba is na caoirigh, is bíodh na pighneachaí ar fáil,
‘S ní mór dhom os a chionn sin culaith dheas thart timpeall,
Crios den tsíoda is míne is snaidhm air faoi mo lár.’

Ó d’aithris tú do bhriathra, sea thuigim fhéin gur fíor é,
Gur iomaí bean dod iarraidh é ach ní dhóibh atá tú i ndán,
Níl clúid ná ceárd dá choigrích dhá rachadh tú nach mbeadh siad,
Ag fiafraí cá fhaid siar é go dtriallaidís ‘na cheann;
Is nár rímhaith i dteach an óil é ó ‘s air nach gcuirfí an stró ann,
Ach íocfaidh mise an scór sin is ólaigí suas bhur sáith,
Tá an t-ór buí i mo phócaí ‘s píosa garbha corónach
Is gearr go mbeidh mé pósta le mo stóirín Jimí Ward.’

Mar is siúd é an fear atá gléasta i mbúclaí is i mbéabhar
A charabhat gléigeal ‘s a léine gheal bhreá
Óra bheist do thogha an éadaigh, is a chasóg mar an gcéanna
Cóta mór den bhearskin ab éadroime is ab fhearr.
Is tá a bhríste sa bhfaisiún déanta den veilbhitín ba dhaoire
Tá stocaí air dhá réir sin, ‘s tá féachóg ar a bhráid
Tá a bhróga daite déanta ó lámha Sheáin Uí Bhéartha
‘S dúshlán fearaibh Éireann gur bréag atá mé ‘rá.

Ó mo ghrása is a stóirín is tú a bheas liom i gcónaí
Bheadh tú liom i gá an achar is muid ag dul an bóithrín síos,
Tá na mná úd ar Oileán Chléire is iad siúd atá i dtóin Iar-Umhaill,
Ar ndóigh na céad is fiche maighdean atá fós i gContae an Chláir;
Ach cén mhaith dhomsa bheith dhá gcomhaireamh, dhá méadú nó dhá laghdú,
Ach iad a fhágáil siar is aniar ann, mar tá an iomarca acu ann,
Ach dhá mhéad dá bhfuil dhá iarraidh ní phósfaidh sé an bhliain seo,
Mar is fada ó searc i gcian dó ag meidhreog an bhrollaigh bháin.