An Caisideach Bán – Sean Nós na bhFear 2025

An Caisideach Bán

Thug mé an ruaig údaí ó mhullach na Cruaiche
Chugat anuas chun an tSléibhe Bháin
Ag cur tuairisc mo chailín a d’fhag m’intinn buartha
‘Gus rinne sí na gual dubh de mo chroí in mo lár;
D’at mo ghuaillní go snuich mo chluasa
‘gus fuair mé fógra glan géar ón mbás
Is ní duine dá gcuala mo scéal an uair sin
Nár dhúirt go mba thrua bocht é an Caisideach Bán

Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Siúd i meidhreog an bhrollaoigh bháin.
Is trua nach liom í gan buaibh gan punt í
Is í a bheith gan cuntas liom ar láimh.
Dhéanfainn teach mór dhí ar shúil an bhóthair
‘gus chuirfinn cóistí faoina clainn.
Is a chúilín ómra, dha mbíteá bó dhom,
I do cheangal Fómhair ní chuirfinn suim

Is nach aisteach an réasún le gur chuir tú i gcéill dhom
Nach bhfásfadh an féar thríd an talamh aníos,
Nach ndéanfadh an ghealach a solas d’Éirinn
Nach lasfadh na réalta i dtús na hoích’?
Níl brí ná éifeacht i dteas na gréine;
Nó go snámhfaidh na héisc ar an muir gan braon
Nó go n-eirí na tuilte chomh hard leis na sléibhte
Go deo ní threigfead grá mo chroí.

Agus bhí mé seall ag foghlaim Béarla
‘Gus dúirt an chléir go mba mhaith mo chaint,
‘gus an fhad úd eile ‘s gan unsa céille
Ach mar na héininí faoi bharr na gcrann;
Amuigh sna oíche ‘s gan foscadh ná dídean
Is an sneachta dhá shíorchur fá iochtar gleann;
Is a chúilín donn deas ar chaill mé na gráimh leat
Nár fhaighe tú na grásta mura n-éalaíonn tú liom.

Agus bhí mé i gcoláiste go ham mo bhearrtha
‘gus ins an ardscoil ar feadh chúig mbliain
Nó gur bhfuair mé oideachas agus comhairle ón Eaglais
Ach faraor cráite, bhris mé thríd!
Is rímhór m’fhaitíos roimh Rí na nGrasta
Nach bhfuil i ndán dhom go dtiocfad saor,
Mar is mó mo pheacaí na leath Chruach Phadraig
I ngeall ar an ngrá a thug mé d’iníon maoir.

Siúd í tharainn í an eala bhán deas,
‘Gus í chomh hálainn le bean ar bith;
Is trua mar a gineadh í i mbroinn a máthar,
Mar is le haghaidh mo bháis is ea a rugadh í.
Nil bun cíbe ná aon tulán timpeall
Ná gleanntán aoibhinn mar a mbíonn mo ghrá,
Nach mbíonn ceol dhá sheinm ann de ló ‘gus d’oíche
‘S go bhfóire Críost ar an gCaisideach Bán!

Aisling bhréagach a facthas aréir dhom
Go raibh mé i m’aonraic ar leaba chlúmhach
Nó go dtáinig an spéirbhean is gur shín sí taobh liom,
Ba deise féachaint ‘s a leagan súl.
Bhí com mín cailce aici mar choinnill léimnigh,
‘Gus a folt go féar léi ag fás go dlúth;
Bhí an bhrágha ba ghile aici ná an sneachta ar thaobh cnoic
Sí a bhásaigh mé agus na céadta liom.

Aisling bhréagach a chonaictheas aréir dom
‘Gus gheit sí me thrí lár mo shuain.
Go raibh ainnirin chaoin deas na gcíocha cruinngheal
Sínte síos liom taobh ar thaobh.
Ar iontú tharam dom go tapa lúfar
Chun breith ar a chúl uirthi a bhí tanaí tréan.
Ní bhfuair mé romham ann ach binn den tsúsa
‘Gus d’fhág sin brúite mé le mo shaol.