Taobh thall de chlaí na teorthann – Sean Nós na bhFear 2018

Taobh thall de chlaí na teorthann

Taobh thall de chlaí na teorthann atá mo stóirín ’s mo mhian,
A bhfuil srumh den fhuil mhór innti a thógfadh an dólas de mo chroí.
Cuirim impí ar an Domhnach mara beo do bheinn ach mí,
Seal fada go raibh do chónaí ar urlár mo thí.

Is níl oíche dhá dheacra í ná maidin dhá mhéad,
Nach raibh mo shúil leat abhaile go meán-oíche aréir.
A Rí geal na gcarad nach deacrach mo scéal,
Mo chumann leat caite nó go síntear mé i gcré.

Sé an truaigh gan mé i m’éinín ag éisteacht le t’osna,
Nó ar oileán i Loch Éirne ’s feara Éireann a bheith ina gcodladh,
Shínfinn mo thaobh leat a chéad grá ’s a chumainn,
Ar bhainseoigín glas luachra ’s ní bheadh fuacht orainn ná tada.

Mar éiríonns an ghealach ’sea a scalanns an ghrian,
’S mar a bhíonns an lánmhara téann an fharraige siar,
Tusa a bheith san Tuircéis agus mise a bheith sa nGearmáin,
’S go n-éalóchainn ina léine le péarla an chúil bháin.

Chuaigh mo ghrá an bealach go deireannach aréir,
’S níor tháinig sí isteach agus mise liom féin.
Níorbh é sin do ghealladh tá a fhios agat fhéin,
’S má ghníonn tú mo mhalrait nár thé tú ar dheis Dé!

Sé an trua gan mé i mo mháta nó i mo chaiptín ar long,
Nó i mo phabhsae dheas aerach atá ar Shliabh na mBan Fionn.
Chealgfainn agus bhréagfainn í péarla an chúil doinn,
’S nár ró-dheas an féirín í dhá n-éalódh sí liom.

Gheall mo stór céad dhom agus dhá mhíle bó,
Marcaíocht pléisiúrthaí agus aeir an bhaile mhóir,
Na ba a bheith ag géimnigh agus na laonnta ag diúl,
Is a phéarla an bhrollaigh ghléghil nach leat a lig mé mo rún.