An tAmhrán Bréagach – Corn Uí Riada 2015

Téamaí

An tAmhrán Bréagach

Céard deir tú le Gaillimh a bhuail challenge ar Chontae an Chláir,
‘S céard deir tú le Garumna a casadh ‘na fhear fianaise ann,
Tá Sceirde is Dún Godail sna sodair ag tíocht le cóir,
Is mura stopa an Bhreachlainn iad réabfaidh siad Árainn Mhór.

Bhí mise lá i nGaillimh, lá farraige is gála mór,
Cé d’fheicfinn ag dul tharam ach Ceann Gainimh is é ag iompar seoil,
Bhí oileán an Anma ag creatha le heagla mhór
‘S Ceann Gólaim ‘na mhada ag tafann ar Árainn Mhór.

Is chonaic mé yacht ag goil trasna thrí Árainn Mhór
Is bhí dreancaid mhara ar an locker is í á gabháil
Bhí lampaí airgid i mbarr a cuid crainnte seoil
‘S gurb iad réalta an tseaca ‘bhí lasadh na gcoinnle dhóibh.

Is chonaic mé roc i gcluais goirt is é ‘bleán na bó
Bhí naoi gcinn de choininí ar meisce ‘héis brandy ‘ól
Bhí an eala ‘s an chéirseach ag méileach ar mhaidin Luan Cásc’
S’ an bradán ‘na léine siúl ar gha gréine lá breá.

Ó is chonaic mé cricker is a phiostail ar chúl an bheaic,
‘S bainne cíoch circe ag an bpuisín dá thabhairt dá mhac,
Chonaic mé portán ag éirí an-ard san aer,
Is bean ag cur chochaill ar abhainn atá taobh thiar den ghréin.

‘S chonaic mé cearc is ba mhaith uaithi an túirne a shníomh,
Bhí an coileach faoi dheifir ‘s é ‘bealáil a bhuataisí,
An frog ins an nglaise agus watch ina phóca thíos,
Is dreoilín ar fhuinneog ar maidin ‘s é ag daimsiú ríl.

Deir Oileán Mhic Dara go bhfaca sé iontas mór,
Caorán an Leathmháis is maide aige ag seoladh bó,
Tower Chnoc an Choillín mar eggstand ag Maoile ag ól
Is gliomach ‘seoladh beithíoch i ngleanntáin is é ‘díol ceo.

Tá fíodóir i gCamus darb ainm dó Sála Laoi
Is tá bréidín caol fite aige ar Ghorumna thóin Uí Fhloinn
Sé tonn Chnoc na Siongáin tonn aiteann is fearr sa tír
Is gur amuigh ar an gcnocán a chuireann sé an nós sa tslí.