Dónal Óg – Fonnadóirí na hAirde 2

Téamaí

Dónal Óg

Is a Dhónaill Óig má théir thar farraige
Tabhair mé féin leat is ná déan dearmad
Beidh agat féirín lá aonaigh ‘s margadh
Is beidh iníon Rí Gréige mar chéile feasta leat.

Gheall tú dhom ‘s rinne tú bréag liom
Go mbeifeá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is míle béice
Ach ní bhfuair mé romham ann ach na h-uain ag méileach.

Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór millteach
Ní shin é an grá a thug an t-uan don chaora
Ach an grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.

Is deir siad liomsa go bhfuil mo phléata ag ardú
Ní ón bhfiadóir é nó ón táilliúr
Ná ó ghréasaí caol na sálaí arda
Ach ón mbuachaill geanúil a bhfuil an baibín bán air.

Bhain tú thoir is bhain tú thiar dhíom,
Bhain tú romham is bhain tú mo dhiaidh dhíom,
Bhain tú an ghealach gheal ’s an ghrian dhíom,
‘S rí-mhór é m’fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom.