Neainsín Bhán – Sean Nós

Téamaí

Neainsín Bhán

Is a Neainsín Bhán, cé’s ansa leat fear eile nó mé fhéin
Is a Neainsín a dtug mé fancy dhuit i dtosach ar mhná an tsaoil
Mar shíl mé go mba bhréacha thú ná bean ar bith sa saol
Smid chainte ná raibh i gceann an té nach molfadh leatsa mé.

‘S má théann tú  chun an aonaigh tug an chaora leat is a’ t-uan
Má théann tú a’ déanamh tíobhais bíodh do mhian agat ar dtús
Ó bíodh sí maorga macánta is í molta as a cliú,
Ní barr maoine a thabharfas ‘un tíobhais thú is ná mealltar le straoill thú.

Ar theacht na Nollag nach olc í m’obair ag síorchur ins an gcré
Mar a bheadh seabhcán ar bharr sceiche nó ar bharr glas na sú craobh
Mo mhallacht go deo anois a thabharfainnse d’aon fhear beo sa saol
A thóigfeadh orm a bheith cogarnach le stóirín geal mo chléibh.

Dá mbeadh heels agus tops ar mo bhróga a’m
Is cóir mhaith  a bheith ar na boinn
Ó ghabhfainn ‘chuile Dhomhnach leat san áit a mbíonn an spraoi
Mar ní thóigfeadh an t-aos óg orm gach cor dá gcuirfinn dhíom
Is dá mbeadh mo stór ar cheann an stóil níorbh fhada liom an oíche.

Is a théagairín ní féidir dhuit gan duine eicínt a fháil,
A nífeadh do chuid éadaigh dhuit nó a d’fhuinfeadh do chuid aráin
Ach a phéarla atá breá gléigeal de chích, de chois is de láimh
Sé mo léan gan mé faoi shléibhte leat is cead éada ag feara Fáil.