Caisleán an tSléibhe – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

Caisleán an tSléibhe

Amuigh in Aill na Méaracán tá an caisleán breá déanta,
Nach bhfacthas a leithéid san gleann seo fós,
Tá fascadh ann ón n-oíche, ón ngrian, is ón mbáisteach
Cead rince agus spóirt ann ag sean agus óg.

Ní moirtéal ná clochaí a cuireadh dá dhéanamh
Tá na ballaí níos míne ann ná parlús tí mhóir,
Casadh isteach ann tráthnóna Déardaoin mé,
Bhí na píobairí fraoigh is na feadógaí ag ceol.

Nach iomaí fear ceirde a chuaigh ariamh tríd an tír seo
’Chaith téarma le saoirseacht is a rinne tithe go leor.
Ach dá mairfeadh an Gobán is an chúirt a fheiceáil déanta,
Ní chreidfeadh ón saol nó is faoi dhraíocht atá Joe,

Bheinn a shiúil Meiriceá, Sasana ’gus Éirinn,
Ní fhéadfaidís aon áit a mholadh níos fearr
Ná an chúirt atá déanta amuigh i gceart lár a’ tsléibhe
Tá na céadta ag triall uirthi i bhfad is i ngearr.

Casadh thart mise ann tráthnóna Dé hAoine
Is le titim na hoíche sea dhúin sé ina cheo,
cóiríodh mo leaba ‘gus b’éigean dhom síneadh,
‘S níor fhága mé aríst é go maidin Dé Luain.

Tá na grátaí thrí lasadh ann ó mhaidin go faoithin,
Tá bord cur thar maoil ann le fataí ‘gus feoil,
Tá an t-arán go fial fairsing dá ghearradh is dá roinnt ann,
Tá an tae ‘gus an t-im ann is bainne na bó.

Tá an bhó ‘gus an lao ar mbuaile ann ag géimneach,
Tá an gabhar geal ag méileach, an chaora is a huan,
Tá na broic ann ag tafann le héirí na gréine,
Is na mionnáin ag léimneach ag imeacht sa drúcht.

Tá na faoileáin ag triall ann aniar ó na Sceirdí,
Tá nead na gcorréisc ann, an eala is a hál,
Tá fuaim na mea-ghabhair ann, an londubh is an chéirseach,
Bheadh spóirt agus pléisiúr ag an té a d’fhanfadh ann.

Anois teacht an fhómhar caithfidh mé téarma ann,
Nuair a sheolfas na ladies ó Mheiriceá anall,
Nuair a shocrós an cogadh ‘s déanfar an réiteach
Beidh caisleán an tsléibhe dhúinn fhéin againn ar ball.