Amhrán Mhuínse – Sean Nós

Téamaí

Amhrán Mhuínse

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar thalamh i bhfad ó thír
Is gan aon neach beo i mo ghaobhar ach an raithneach glas is fraoch
An sneachta á shéideadh ó thuas is ó dheas, is an ghaoth dhá fhuadach dhíom
Is mé bheith ag comhrá  le mo Taimín Bán, is níorbh fhada liom an oíche’.

A Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé tá an Geimhreadh seo tíocht fuar?
Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas an teach seo is a bhfuil ann?
Cén fáth a Dhia nár fhág tú mé go dtagadh an lá breá
Le linn don chuach a bheith ag seinm is gach duilliúr glas ag fás.

Dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighinnse bás
Nach dtórróidís go fiúntach mé trí oíche agus trí lá.
Bheadh píopaí fada cailce, na ceaigeannaí is iad lán
Is bheadh triúr ban óg ó shléibhte le mé a chaoineadh os cionn cláir.

Is gearraidh amach mo chónra dhom as fíor scoth gheal na gclár
Is má tá Seán Ó hEidhin i Muínis bíodh sí déanta óna láimh,
Bíodh mo chaipín is mo ribín inti, is iad go ró dheas faoi mo cheann,
Is tabharfaidh Páidín Mór go Muínis mé nó is garbh a bheas an lá.

Goil siar le Inse Ghainimh dhom, beidh an fharraige ag éirí ard
Ná cuiridh i Leitir Calaidh mé, mar ní ann atá mo dhream
Ach tugaidh siar go Muínis mé san áit a gcaoinfear mé go breá
Beidh soilse ar na dumhachannaí ‘s ní bheidh uaigneas orm ann.