Róisín Dubh – Corn Uí Riada 2019

Téamaí

Róisín Dubh

Nach fada an réim a lig mé léithe ó inné go inniu
Siúl sléibhte i mo chadhan aonraic ní raibh aon neach liom
Loch Éirne chaith mé go léim í cé go mba ard a bhí sruth
Ó tá m’anam gléigeal ligthe go léig a’am le mo Róisín Dubh.

Is a Róisín ná bíodh brón ort ná cás anois
Tá do dheartháir ins an nGearmáin ‘s tá a thriall thar muir
Tiocfaidh do phardún ón bPápa ’s ón Róimh uilig
Ó ná spáráil fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Dá mbeadh seisreach a’am is deas a threabhfainn in aghaidh an chnoic
Dhéanfainn seanmóir ar an altóir mar a hordaíodh dhom
Thabharfainn póg nó dhó don chailín lig a hóighe liom
Ó dhéanfainn cleas deas ar chúl an easa le mo Róisín Dubh.

Beidh an Éirne ina tonnta tréana ‘s beidh an spéir ina fuil
Beidh na bráithre bána thar sáile le cabhrú linn
Bhí an smál ort gur shantaigh tú an t-óg fhear glic
Ó cuirigh anonn í sula ndamnóidh sí na h-oird uilig.

Tá mo Róisín gheal lúfar taobh thall don sruth
Tá crios an phrionsa uirthi fáiscthe faoi lár a coim
Ach a chraoibhín chumhra cén fáth a dhúirt tú go raibh grá a’at dhom
Is nárbh í an chéad scoth go na mná buartha a bhí i mo Róisín Dubh