Casadh an tSúgáin – Corn Uí Riada 2018

Téamaí

Casadh an tSúgáin

Is nach sú an ghráinne eorna a tharraingíonn clampar, gleo ‘gus caint
Ach luach an óil go deo ní bhfaigh muid ar ais
Nó go n-athraíonn an chóir is go dtéann an ghaoth mhór ó thuaidh ‘gus ó dheas
Ach go deo deo is liomsa póg mo mhian.

‘S thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mná,
‘S thiar i nGaillimh d’ól mé leo mo sháith,
Dar bhrí mo mhaide mura ligfidh siad liom feasta, seachas mar atá,
Ó déanfaidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

‘Gus d’imir mise cleas i dTeach Uí Dhomhnaill aréir,
’S an dara cleas i dteach a bhí go dlúth lena thaobh,
An tríú cleas, cén mhaith chur i bhfad eile scéil?
Chuir an chailleach amach mé a casadh an tsúgáinín féir.

‘S casadh isteach mé i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúthu ar láir.
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, go huasal ná go hard,
Gur chuir mé cois lena cois nó gur bhogamar an súistín bog bán.

‘S cén cat mara a chas na háite seo mé?
’S a liachtaí cailín sa mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid is ar bhruíon is ar rud éicint nár b’fhíor
Muise óinseach caillí agus iníon aici a bhí gan chiall.

‘Gus chuirfinn ’gus threabhfainn ’gus chraithfainn an síol go domhain sa gcré,
Is sheolfainn ba sna páirceanna is airde a bhfásann féar,
Chuirfinn crú ar an each is lúfar, is airde a chaithfeadh léim,
’S go n-éalódh bean le fear nach ndéanfadh é sin fhéin?

Dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal?
‘S an cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a ruaigfí é?
Tá iníon na caillí gliobaí, cataigh, pósta ó aréir,
’S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.

Is má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom go ló geal is d’oíche,
Má bhíonn tú liom, is gur liom gach orlach go do chroí,
’Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.