An Clár Bog Déil – Amhráin is Ansa Liom

An Clár Bog Déil

A shearc is a rúin, is fada liom tá an Domhnach uaim
Mar shúil is go bhfeicfinnse tú arís ar cuairt
Do chúilín cailce is do bhéilín meala, is do chroí nár chruaigh
Is ar mh’fhallaingse gur mheallaise mo shláinte uaim.

Do ghlacfainn tú gan ba gan punt agus gan áireamh spré
Do leagfainn chugam thú maidin drúchta ar bharr an fhéir
Sé mo ghalar dúch gan mé agus tú, a ghrá mo chléibh
I gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn, ach clár bog déil.

Ní ar chlár bhog a b’fhearr liom a bheith sínte leat 
Ach ar ard leabaidh álainn fé shíodaibh bhrat 
Mo lámh dheas at’fháscadh le mo chroí isteach 
Agus is gearr go bhfaighinnse spás beag ón saighead so am’ shlad.