Fiach an Mhadra Rua – Corn Uí Riada 2015

Fiach an Mhadra Rua

Lá breá aoibhinn ar fhiar an tsléibhe ‘muigh
Do bhí mór-uaisle na dtrí chontae ann;
Do chuireamar ár ngadhair go cruinn lena chéile
‘Gus siúd amach an madra ‘gus leanamar go léir é.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Lá Nollag beag cuireadh deireadh leis an saoire
‘S do scaoileamar ár ngadhair go meanmnach meidhreach,
Amach fé’s na garbh-chnoic bhí tarrac ar an reynard,
‘S ó thuaidh chun Luimnigh ‘sea thug sé aghaidh uainn.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Bhí na Paoraigh ó Cheapach Chuinn ann
Is Arthur Russell ón mBántír ann;
Bhí na Faoitigh ó Bheanntraí ann
Is Roddy Arthur is a Leangóilí ann.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Bhí Mister Wolfe ann ó Mhóin Éile
‘Gus Morgan Rattler ‘na dhiaidh ar saothar.
Ó Mhaigh Chromtha bhí Hedges agus Grainger
Is Captaen Bull is gan snáth dá léin’air.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Bhí gadhar Thadhg Wallace ó Charraig an Fhéich ann
Is Cú Sheáin Barrett ina dhiaidh ar séirse
Gadhair Thiarna Massey is gadhair na Mulhéireach
Is gadhair Lord Kingston ó bhaile Mhistéala.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Nuair a chuamar ar an gcaladh a bhí i mbarra Claise Móire,
D’iompaigh sé ar an gcaladh mar ar stadadar na huaisle,
Ar a chasadh dhó sa bhfarraige bhí gadhair ag teacht suas leis,
Is tallyho ag Cnaid is é ag snámh tríd an mórmhuir.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Do tharraing sé leis ins na h-aird ó thuaidh sinn
Chun Abha Tí an Uain is chun caladh Droma Móire
Aníos Ceapadh Chuinn is trí shráid na Leasa Móire
‘Gur chuireamar i dtalamh é i mBarra Sliabh Luachra.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.