Faiche Bhreátha Aerach an Cheoil – Sean Nós na mBan 2013

Mo shlán thar lear chun mná ‘gus fear is gach áitreabh le chéile,
Ó fhágann sé an Gaorthaidh go Bríd;
Is mo shlán chun na háite úd ná feicim féin in’aonchor,
Mo shlán chun an méid úd sa chill
Mo shlán chun na habhann gan chám, gan chuise!
Mo shlán chun na Banndan – is mó leabhair-bhreac inti!
Mo shlán chun an teampaill úd Ard na Cuilce!
Mo shlán chun gach stáid-bhruinneal óg!

A Impire na páirte, tabhair slán mise ón méid seo,
Ó tharlag i gcéin seal sa bhall!
Bíonn rás ann gach lá orm ‘gus mná liom go taodmhar,
Gan fáilthe, gan féile, gan greann.
Ní stadfaidh mé den stair sin go Clár geal na Mumhan,
Mar a labhraidís na mná liom is gháiridís le fonn.
Cead síneadh síos lem’ chairde gaoil go brách insan úir
Atá ar faiche bhreá aerach an cheoil.

‘S breátha an áit ná Phoebus nuair a théann sí chun síoraigh,
Bíonn lonnradh na soilse ‘na cló.
Mar shaothar na naomh geal a deineadh insan oíche,
Gan stáitse, gan bíoma, gan bord.
Gach n-aon dá dtigid chun a gcurtha bíonn a bpeacaí scortha in am,
Agus daill go bhficid fríd á phiocadh tar éis a dturais ann.
Lucht maidí croise brúite briste is ró-bhreá a rithid stang
Ar faiche bhreá aerach an cheoil.

Bíonn a’pluma dubh ‘s a’ t-áirne o h-ard ar na craobhachaibh
Agus úlla ar bharr géaga na gcrann.
An cuaichín ba shuairc bhinn a’labhairt insa Ghaorthaidh
Agus is fuaim aici go h-aerach sa bhall.
Bíonn an fiolar ann ‘s an creabhar ar barr gach bile;
An druid agus an seabhac ar a’gcrann thall ‘na gcoinnibh;
An smóilín bhinn a’labhairt ann gach am lena binneas,
Ar faiche bhreá aerach an cheoil.

Bíonn na gadhair ann chun fiadhaigh agus an fiadh rómpa ar saothar,
‘Gus marcaigh ‘na ndéidh siúd ar seol
Trí chnocaibh, trí choillthibh, trí ghleanntaibh gan staonadh,
Gur síneadh é ar thaobh Leacain Mhóir.
Bíonn ceol agus rinnce ann, bíonn aoibhneas is spórt,
Is imríd poc báire ann go sásta ar a’ gcóir.
Is mó bruinneall mhodhail mhúinte agus ógánach óg
Atá ar faiche bhreá aerach an cheoil.