Coinleach Ghlas an Fhómhair – Corn Uí Riada 2018
Amhránaí
Caoinleach Ghlas an Fhómhair
‘S nach ar choinleach ghlas an Fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
‘S nár dheas é do sheasamh i mbróigín is ba ró dheas é do leagan súl,
Do ghrua ba deirge ná an rósa is bhí do chúilín fite dlúth,
‘Sé mo léan gan mé is tú pósta nó ar bhord loinge goil anonn.
Is cuirimse na bróin ar an ógbhean nár fhan mar a bhí
Is nár dheas mar a chasfainn ceol dhi chuile oíche Dhomhnaigh is mé ag tuar na lín.
A com ba gile is míne ná an síoda ‘s ná clúmh na n-éan
Is nach trom an osna a dheinim nuair a smaoiním ar mo mhúirnín fhéin.
Muise a Mháire a dtug mé grá dhuit, sé mo lean géar gan mé ‘gus tú
Ar oileáinín rún Phádraig san áit nach snámhann an bád ná long,
Mar chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan aon chodladh ciúin,
Ar shúil is go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú go mhagadh fúm.
‘Gus fuair mé litir scríofa ó mo mhian agus casaoid chrua,
Is nár chuir mé aici aríst í, is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Is nuair a léigh mé í go cúramach bhí na deora ag sileadh liom
Ach mí ní beo mé mura bpósadh mé ainnir na gcuach.
‘Gus cheannaigh mé buidéal réice dom fhéin is do mo mhíle grá
Le beannachtaí a chur léithe, cúl craobhach na bhfáinní óir,
Ach deoir níor bhlais a béal dhe ‘s nár mhéadaigh sin ar m’osna go mór,
Ach grianán ban Éireann, i do dhiaidhsa, ní bheidh mé beo.
Is nach cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear á lua ná á rá
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh dhíom ina mbíonn sí ann
Mar sí cuaichín bharr na gcraobh í sí meidhreóigín an bhrollaigh bháin,
Sí rún is searc mo chléibh í, is ní shéanfad í nó go bhfaighidh mé bás.