Sail Óg Rua – Corn Uí Riada 2013

Amhránaí

Téamaí

Sail Óg Rua

Nach mise an trua Mhuire goil go Carraigín an Fhásaigh,
Ag gol is ag gárthaíl ‘gus ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo linbh ar bhacán mo láimhe,
Is gan fiú an braonín bainne agam a bhéarfainn dhó.

Níl mé ach go tréithlag is níl maith dhá shéanadh
Níl mé ar aon chor ach mar an gceo
Tá fuil mo chroí istigh dhá silt ina deora
‘S a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo Shail óg rua.

‘S mo ghrá do bhéilín nár chum riamh na bréaga
Is do bhrollach álainn mar eala ar snámh
Do dhá chíoch ghléigeal’ le do leanbh bán a bhréagadh
‘S a stór ní féidir liom thú a thabhairt ón mbás.

Is dá bpósfainn an chailleach ghránna
Thóigfeadh a lán orm a bheith ag goil ina dhiaidh
Ach mo chailín breá deas a dtug mé grá dhi
‘S gur ina a  páistín ‘sea fuair mé í.

In Oileán Éadaigh sea fuair mé fhéin í
An bhean  a lig mé léithe mo rún go hóg.
Tá triúr ar aon chéill ag gol i do dhéidh-sa
‘S bean mo bhréagtha mo léan faoin bhfód.

‘S dá mbeadh fhios agamsa nach thú a bhí i ndán dhom
Ní dhéanfainn gáirí ná comhrá leat
‘S go bhfuil mo chroí-sa chomh dúinte i ngrá leat
Is go dtógfar airní de chroí na sceach.

In aois a sé déag sea fuair mé fhéin í,
Is nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chléibhe is tú a d’fhág liom fhéin mé
Is chuaigh sa chré uaim i do chailín óg.

B’fhearr liom, go mór mór i mo dhaidh sa ród í
Bheith ag bleán mo bhóín dhom nó i mbun an tí
Ná saibhreas Sheoirse is é a fháil le stróinse
‘S gur faoi na fóda a chuir mé stór mo chroí.