An Gabha Ceártan – Corn Uí Riada 2009

Amhránaí

Téamaí

An Gabha Ceártan

Agus chaith mé bliain is ráithe
i mo ghabha ceártan i gCúige Laighean,
Agus tuairisc mo ghrá ní bhfuair mé
nó go dtáinig mé ar m’ais arís,
Tá an saol seo ar fad cráite ‘s
ní áirím mo mhuintir fhéin,
Is ar an gcnoc úd thall tá m’áras
is ar an bPápa ní cheilfead é.

Agus is soir atá mo tharraingt
agus is fada uaimse grá mo chroí,
‘S a ghiolla an chúilín phéacaigh
‘do dhiaidhse ní mhairfead beo.
Mar tharraing tú milleán mór orm
‘s a stóirín is níor mhaith leat é,
Is naoi n-uaire b’fhearr liom pósta leat
go mór-mhór ná bheith i bhflaitheas Dé.

Agus tuige nach dtagann tú a ghrá gheal
is mé fháil uaidh mo mhuintir fhéin,
Is tuige nach dtagann tú lá éicint
is mé fháil uathu uilig go léir,
Mara mbeidís sásta leis an gcás sin
is é a fheiceáil réidh,
Ó déanaidh cónra chláir dhom
agus fágai’ mé go domhain i gcré.

Agus marach m’intinn dána
gheobhfainn áras ó mo mhuintir fhéin,
Ba agus caoirigh bána agus páirceanna
lena gcur chun féir,
Codladh fada Samhraidh is cead greann
a bheith dhá gcaitheamh léi’
Is go mb’fhearr liom faoi na tamhnachaí
ag piocadh seamróg le grá mo chléibh.

Is diomú Rí na hAoine
Don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Níl goir agam ghoil ina gaobhar
Aon Dé hAoine nó go moch Dé Luain.
Dhá mbeadh sé ina stoirm thintrí
‘S an oíche ag cur seaca aduaidh,
Le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh
Bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar chuan.

An  gcualaís nó an bhfuairís
Scéal ó mo ghrá-sa cráite anuas le mí,
Thart thrí oileán uaigneach
nó anuas arís thrí thaltaí fraoigh.
Ní raibh suim ar bith i do ghlór a’am
ach dólás mór gur ag magadh a bhís
Ach tá mé óg go leor fós
‘S beidh cead spóirt am’sa i mbaile éicint.