Úna Dheas Ní Nia – Corn Uí Riada 2017

Amhránaí

Téamaí

Úna Dheas Ní Nia

Dhá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois ná pianta cnámha
Ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbeadh mo mhian
Bheinn de shíor ag dearcadh dealraimh is gile deise is breáichte
Leis an méid a dtug mé grá dhi, rinne áras i mo chroí.

‘S cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí
Nó súil le blas a póigín – sí an ógh a bheannaigh Críost –
Ach do dhiaidh ní mhairfinn beo mí leis an méid a dtug mé grá dhuit
‘Sé mo léan gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.

An té a d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh is í ag imeacht ina cóiriú,
Ba gheall leis an réalt eolais í goil romham amach sa tslí.
‘S ní baol seachmall ceo ar bith choíche ná go deo dhi,
‘S an ghrian níor scairt sí fós orm chomh mómhar le mo mhian.

Tá cúilín trilseach fáinneach lag fite gar dá cluasa.
‘S tá dhá grua mar an rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is fada ó gheobhadh na sluaite bás i ndiaidh mo stuaire,
Mar áit ar cheap Dia lóistín dhi i dteorainn Inis Ní.

Is dhá mbeadh sí suas in éifeacht in inmhe bheith ina céile
An t-am a raibh na Gréagaigh goil ‘un cogaidh leis an Traoi,
Bheadh Héilean gan aon éilimh is ní bhuailfí buille ar aon taobh
Bheadh Páras ina cheann réitigh ag Úna dheas Ní Nia.

Is dhá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bonaparte
Ó saibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt,
Níl pingin dhá mbeadh ar m’fháltas, nach dtabharfainn ina láimh dhi
Mar shúil gur mise an páirtí bheadh ag Úna dheas Ní Nia.

Sí Úna mhaiseach mhómhar fuair bua ar mhná chríoch Fódhla
Le stuaim, le gean is le córtas, le cóiriúlacht is le gnaoi.
Is dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil ar mhná breá deasa an tsoláis
Sí Úna Bhán a thoghfainn i dtosach ar mhná an tsaoil.

Is nach mór an t-údar éagnaigh nár rugadh bliain roimh ré í
Sul má cailleadh fir níos tréine ná mar a béarfar arís choichín
Ó Heirciléas is a ghaolta, cén mhaith dom bheith déanamh scéal air
Ach é a fhágáil ag lucht léinn nó ag seanchaí le roinnt.