An Ainnirín Chumhra Mhacánta Múinte – Corn Uí Riada 2009

Amhránaí

An Ainnirín Chumhra Mhacánta Múinte

A Ainnirín chumhra, mhacánta, mhúinte,
Fairsing, fial fiúntach, ciúin, aigeanta, tláth,
Dhá dtéighinnse ar mo ghlúine a’ síor-aithris rún dhuit,
A’ measann tú, a shúirín a mbeadh aon mhaith dhom ann?

Dhá mba liomsa an Eoraip, ó Chorcaigh go Londain
Sasana anonn leis is é a bheith agam fhéin
Bleá Cliath a fháil bronnta agus Gaillimh mar dhúthracht
Is gur dhuitse a thabharfainn é charad mo chléibh.

Nuair a bhuailfeas an chúilfhionn amach fá na móinte
Bíonn boladh na n-úll ar feadh radhairc ins gach áit
Nó m’bhféidir a mhúirnín, go bhfágfá fá bhrón mé?
Tá m’osna lag lúbach is mé marbh le grá.

A bhfuil sa saol mór is ní thógfadh sí an brón díom.
Go gcloisfinn do ghlór caoin nó siolla as do fhliút,
Ó fuair tú bog óg mé is nár mhian leat mé phósadh,
Cuir fios ar mo chónra is ná rith le mo chliú.

Go moch moch amáireach rachaidh mé láithreach
Go bhfeicfidh mé plandóg an tsonais is an tséin
Mar tá sí á rá liom naoi n-uaire gur breáichte í
Ná an fliúit ná an Bhabóg, ná ceol binn na n-éan.

Long mhór na mBúrcach is í lán le scoth plúirín,
Is gur dhuitse a thabharfainn, a chéad mhíle grá
Is mara bhfuil tusa dhomhsa mar atá mise dhuitse
Nár fheice tú duais ar na flaithis go brách.