An Ainnirín Chumhra Mhacánta Múinte – Corn Uí Riada 2013

Amhránaí

Téamaí

An Ainnirín Chumhra Mhacánta Múinte

Óra stadaigí a dhaoine go n-inseoidh mé dhaoibhse
Tá mearbhaill ar m’intinn nach dtuigeann a lán
Níl sé ach trí mhí ó dhearc mé mo chroí istigh
Díol marcach de mhnaoi dom is gan goir agam í fháil.

Bhí a cneas mar an aoileann is a leaca geal míne
Gruaig fhada léi síos is é fite as a barr
Ach má tá sé sa saol seo nach agamsa a bhéas sí
Mo thaobh deas ní shínfeadh le bean eile go brách.

‘S nuair a bhuailfeas an chúilfhionn amach fá na móinte
Bíonn boladh na n-úll ar feadh radhairc ins gach áit
Nó mb’fhéidir a mhúirnín, go bhfágfá fá bhrón mé?
Tá m’osna lag lúbach is mé marbh le grá.

A bhfuil sa saol mór is ní thógfadh sé an brón dhíom.
Go gcloisfinn do ghlór caoin nó siolla as do fhliúit,
Ó fuair tú bog óg mé is nár mhian leat mé phósadh,
Cuir fios ar mo chónra is ná rith le mo chliú.

Óra shíl mé a stóirín nuair a bhlaisfinn do phóigín
Gur mhilse í ná an siúcra mil beoir is é thríd
Is ní raibh fhios ‘am ina dhiaidh sin go raibh tú faoi bhrón liom
Nó go bhfacas na deora ag sileadh leat síos.

A Ainnirín chumhra, mhacánta, mhúinte,
Óra fairsing, fial fiúntach, ciúin, aigeanta, tláth,
Is dá dtéinnse ar mo ghlúine  a’ síor-aithris rún dhuit,
‘Measann tú, a shiúirín, an mbeadh aon mhaith dhom ann?

‘S go moch moch amáireach rachaidh mé láithreach
Go bhfeicfidh mé plandóg an tsonais is an tséin
Mar tá siad á rá liom naoi n-uaire gur breáichte í
Ná Helen ná an Bhabán is cá bheag liom a mhéid.

Long mhór na mBúrcach is í lán le scoth plúirín,
Is gur dhuitse a thabharfainn í, a chéad mhíle grá
Is mara bhfuil tusa dhomsa mar atá mise dhuitse
Nár fháigh tú an duais ar na flaithis go brách.