An Draighneán Donn – Corn Uí Riada 2022

Amhránaí

Téamaí

An Draighneán Donn

Ó is síleann na céad fear gur leo fhéin mé nuair a ólaim leann
Téann dhá dtrian síos tríom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom;
Sneachta séidte agus é á shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn
Is go bhfuil mo ghrása mar bhláth na n-airní ar an Draighneán Donn.

‘Gus a fuair mé féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
‘s céad póigín an lá ina dhiaidh sin ó phlúr na bhfear
Lá léan ar an té a déarfadh nach tú mo ghean
‘s lá ina dhiaidh sin, nach deas mar a d’éalóinn tríd na coillte leat.

‘S dá mbeinn i mo bhádóir, nach deas mar a shnámhfainn an fharraige anonn.
Dá mbeinn i m’fhaoileán nach deas mar a d’éireoinn ar a bharr na dtonn
Bheinn ag éalú le mo chéadsearc is dhá mealladh liom
Is an lá nach bhféadfann mo ghrá a bhréagadh, níl an báire liom.

Is tá féirín le mo chéadshearc  i mo phóca thíos
Is fearaibh Éireann ní fheadfaidís an cumha seo a bhaint díom
Tá mé réidh leat nó go ndéantar dhom cónra chaol
Is go bhfásfaidh an féar glas go deo ina dhiaidh sin trí mo lár aníos.

‘Gus is slán feasta leis an mbaile atá thiar i measc na gcrann
Mar is ann a bíodh mo tharraingt go luath agus go mall,
Is iomaí eanach fliuch ‘s salach agus bóithrín cam
Tá ag goil idir mé agus is baile nuair mo stóirín ann.