An Ainnirín Chumhra Mhacánta Mhúinte – Corn Uí Riada 2012

Amhránaí

Téamaí

An Ainnirín Chumhra Mhacánta Múinte

Óra stadaigí a dhaoine go n-inseoidh mé dhaoibhse
Tá mearbhaill ar m’intinn nach dtuigeann a lán
Níl sé ach dhá mhí ó dhearc mé mo chroí istigh
Díol gaiscíoch do mhnaoi agam is goir agam í fháil.

Bhí a chrois mar an aoileann is a leaca geal míne
Gruaig fhada léi síos is é fite as a barr
Ach má sé sa saol seo nach agamsa a bhéas sí
Mo thaobh deas ní shínfead le bean eile go brách.

‘S nuair a bhuailfeas an chúilfhionn amach fá na móinte
Bíonn boladh na n-úll ar feadh radhairc ins gach áit
Nó m’bhféidir a mhúirnín, go bhfágfá fá bhrón mé?
Tá m’osna lag lúbach is mé marbh le grá.

A bhfuil sa saol mór is ní thógfadh sé an brón díom.
Go gcloisfinn do ghlór caoin nó siolla as do fhliút,
Ó fuair tú bog óg mé is nár mhian leat mé phósadh,
Cuir fios ar mo chónra is ná rith le mo chliú.

Óra shíl mé a stóirín nuair a bhlaisfinn do phóigín
Go mhilse í ná an siúcra mil beoir is é thríd
Is ní raibh ‘am ina dhiaidh sin go raibh tú faoi bhrón liom
Nó go bhfacas na deora ag sileadh leat síos.

A Ainnirín chumhra, mhacánta, mhúinte,
Fairsing, fial fiúntach, ciúin, aigeanta, tláth,
Is dá dteighinnse ar mo ghlúine  a’ síor-aithris rún dhuit,
‘Measann tú, a shiúirín, an mbeadh aon mhaith dhom ann?

Go moch moch amáireach rachaidh mé láithreach
Go bhéicfidh mé plandóg an tsonais is an tséin
Mar tá siad á rá liom naoi n-uaire gur breáichte í
Ná an fhliúit ná an Bhabóg is ná ceol binn na n-éan.

Long mhór na mBúrcach is í lán le scoth plúirín,
Is gur dhuitse a thabharfainn é, a chéad mhíle grá
Is mara bhfuil tusa dhomsa mar atá mise dhuitse
Nár fháigh tú duais ar na flaithis go brách.