An tIolrach Mór – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

An tIolrach Mór

Ó d’éirigh mé go feargach ar maidin moch Dé Domhnaigh
Chuir mé orm mo bhróga is mé ag goil go Tír an Fhia,
Ag gabháil thrí Ghleann an Duine Mhairbh dhom
sea casadh an tIolrach Mór orm,
Is ba gheall le dúchán móna é go pramaí ina shuí.

Ó ghlaoigh mé straoill is strachaille air, amadán is óinseach,
De chineál Bhriain Mac Lóbhais de phór Chathail Bhuí,
Sin agus mo sheacht mallacht go bhfeara sé go deo air,
A thug mo choileach óg uaim a ligfeadh dhom a ghlao.

“Gabh do chiall i gceart chugat is ná maslaigh mé ar an nós sin,
Dár mo mhionna is dar mo mhóide, ní thógfainn ort aon dlí,
Níor mhór liom a bheith de bhrabach ort i dteach na dtroscadh dóite
Mar is duine thú bhí fóintinneach i gcónaí de fhear slí.

Fill is téir abhaile is fiafraigh féin de Nóra é,
Cén t-ainm a bhí ar an ógmhnaoi a bhí ag scóladh a chinn,
An clúmhach a bhí ar a leasrachaí sa teallach acu dóite,
D’itheadar i gcomhar é is dheamhan mórán a bhí buíoch.”

“An fhaid is mhair na Fianna a’m sa ba deas an buachaill óg mé
Níor bhradaíl a bhínn á fhoghlaim ach i gcónaí ag cur draíocht,
Ag imirt lúth is gaisce crua-charraíocht agus comhraic,
Gur fágadh mé ar an nós seo, mo chreach agus mo dhíth!

Tá roinn de na húdair agamsa nár aithris mé go fóill dhuit”
Nuair a chuala sé na glórtha thit na deora uaidh síos:
“Gheobhfaidh tú amach sa tseanchas gur mac don Dearg Mhór mé,
Is más troid atá tú a thóraíocht, seas romham is ní bheir buíoch.”

Ghléas sé a chulaith ghaisce air, a chuid airm agus éadaigh,
A chlaíomh aige ba ghéire dá mb’fhéidir a fháil,
Mise agus mo speal agam gan falach ach mo léine
Gur ionsaíomar a chéile go dianmhoch sa lá.

D’fheicfeá tínte cneasa a bhí na hairm a bhaint as a chéile,
Agus leathuair roimh an ngréin a dhul faoi b’éigean dó a rá,
Ba gheall le dhá tharbh sinn na foirseadh i ngleann sléibhe.
Is dheamhan fios againn araon cérbh é an fear ab fhearr.