Johnny Seoighe – Corn Uí Riada 2025

Téamaí

Johnny Seoighe

Is a Johnny Seoighe tuig mo ghlór
Is mé a’ tíocht le dóchas faoi do dhéin
Mar is tú an réalt eolais is breáichte lóchrann
As mo shúil ag teampall Dé
Is tú bláth na hóige is deise glórtha
Nár leag mo shúil air ó rugadh mé
‘Gus as ucht Chríost tabhair dhomsa “relief”
Nó go gcaitear Oíche an Nollaig fhéin.

‘Gus lá arna mhárach sea fuair mé na páipéair
Nach mé bhí sásta is mé goil an tsiúil
Ach ní bhfuair mé freagra ar bith an lá sin
Ach mo fhéin is mo pháistí bheith amuigh faoin drúcht.
Tá mo chosa scólta, óra sciúrtha, feannta
Liobraithe gearrtha le neart a’ tsiúil
‘S a “Mhister Joyce” tá an “workhouse” seo lán
Is ní ghlacfar ann aon neach níos mó.

Is nach mór an cliú é do bhaile Charna
An fhad ‘s tá an lanúin seo goil thríd
Mar is deise ‘s breáichte é scéimh na mná
Ná ‘n “Morning Star” nuair a shoilsíonn sí
Tá an bhanríon tinn is í go lag ‘na luí
Is deir dochtúirí liom go bhfaighidh sí bás
Ach sí fios an údair do réir mar deir siad liomsa
Nuair nach bhfuil sí pósta le “Mister Joyce”.