Amhrán Pheter Mhicil Báille – Corn Uí Riada 2022

Téamaí

Amhrán Pheter Mhicil Báille

Mo chúig chéad slán le mo bháidín atá go fánach i Ros an Mhíl,
Nár dheas í ag dul go hÁrainn lá breá nó gaoithe aniar,
Ní bheadh deifir leis an am agam ’s an ghrian ag teannadh siar,
Bheadh airgead chuile lá agam, thabharfainn iasc go Ros an Mhíl.

Tá mo theachín i lár an ghabháltais is bóithrín go tóin an tí,
Shíl mé go mbainfinn sólás as ach ní mar sin fhéin a bhí,
Mar bhuail an bás go hóg mé is bhain sé mo bhean phósta dhíom,
Is d’fhág sin ar bheagán sóláis mé go deo nó go dté mé i gcill.

Ó, shil mo shúile deora le brón is le briseadh croí,
An lá ar dhún mé clár na cónra ar Mhary Rua is í ag dul i gcill,
Bhí a gruaig ar dhath an óir bhuí is í ina duala thar a básta síos,
Sí a d’fhág mo chroíse buartha go deo is ar feadh mo shaoil.

’S nach iomaí sin contúirt mhór ó ariamh i m’óige a ndeachas thríd,
Chuaigh mé i gcontúirt mo bháite i gContae an Chláir is in Inis Oírr,
Thug Dia agus Muire slán mé as gach gábh dhá ndeachas tríd,
is níor theastaigh mé ón mbás is fuair mé spás nó go dtéinn in aois.

Tá mise i bhfad as Éirinn is mé in imní oíche agus ló,
Go dtiocfadh an bás do m’éileamh is nach mbeinn réitithe faoina chóir,
Chosnódh mo bháidín céad orm mé é a thabhairt go hÉirinn is go Leitir Móir,
’S dhá mairfinn go haimsir féile bheadh an céad agam gan stró.

Is in aimsir Chrann na Páise a tharla an buaireamh seo i dtús an tsaoil,
Nuair a thiomáin Iúdaigh tairní trí lámha is chosa Chríost,
D’fhulaing Muire máthair na seacht ndólás le briseadh croí,
Is fuair an Mhaighdean na seacht sólás in aghaidh gach dólás dár fhulaing sí.

Is muide an triú líne a shíolraigh ó Ádhamh anuas,
Is gearr go mbeidh ár dtéarma déanta is dáta an dá mhíle thuas,
Tiocfaidh athrú ar an saol is beidh na cnoic is airde ag ísliú leo,
Is dea-bhreith go dtuga an Tiarna do gach créatur marbh is beo.