An Abhainn Mhór – Sean Nós na bhFear 2018

An Abhainn Mhór

Tá mo mháithrín go tréan-lag ’s tá sí aonraic ar Chaladh na mBád,
Bíonn sí ag osnaíl is ag éagaoin chuile oíche Domhnaigh go mbíonn sé ina lá,
Tá a comrádaí sínte i gCill Bhríde is tá leac ar a cheann,
Tá a mac ’na cheann siamsa ar fud na tíre agus jug ina láimh.

Nach bhfuil grá do dháréag agam ’s tá siad aonraic ar aon tsloinne amháin,
Ach tá bean óg ar an méid sin is ní fhéadaim a hainm a rá,
Go dtriomaí Loch Éirne is go dtréige an eala a clúmhach bán,
Ní inseoidh mé go héag dhaoibh cén réasún le go dtug mé dhi grá.

Nach bhfuil grá do chailín óg agam ’s deir go leor liom nach mairfidh sé mí,
‘S nuair a théimse go teach an ósta, níl aon tseoid ann is deise ná í,
Tá a grua mar an rósa tá sí ag doirteadh na meala ar gach taobh,
’S an té a bhlaisfeadh dhá póigín sé mo thuairim go mbeadh fad ar a shaol.

Ach chúns a bheas mé beo in Éirinn ní dhéanfaidh mé ciste ná stór,
Chúns a bheas mé beo in Éirinn ní thréigfidh mé tréithe ban óg.
Chúns a bheas mé beo in Éirinn nach bpléascfaidh mé an jug ar an mbord,
Le do shláinte-sa, a mhíle stóirín, sé mo truaigh nach liom do dhá bhó.

Dar mo mhionna ‘gus mo mhóide is dar an leabhar mór a bhfuil mé ag dul thríd,
I gcomhluadar ban óg go deo deo ní ghabhfaidh mé aríst,
Mar is leo a chaith mé mo bhróga ó thús m’óige go dtí deireadh mo shaoil,
Is gurbh iad cailíní bhun an bhóthair a mhúin an t-eolas dhom amach go Trá Lí.

Tá mo chóta mór stróicthe, ochón is tá sé ag sileadh liom síos,
Ach an té a chuireadh caoi is cóir air, céad faraor tá sé i bhfad as mo shlinn,
Níl aon fhear a phósfadh mo stóirín ‘gus mé a bheith ina dhiaidh
Nach mbainfinn an tsrón dhe nó ba mhór mhór a chairde sa tír.

Tá mo rúitíní gearrtha is ní áirím tá mo ioscaidí tinn
Ag ísliú is ag ardú na málaí seo aniar thar mo dhroim
‘S i bhfad ó mo chairde agus gan áit agam a ligfinn mo scíth
Ach le toil rí na ngrásta ní bheidh fán orm ach seal is cén bhrí.

Mo mhíle slán leat, a Abhainn Mhóir bhoicht, sé an truaigh gan mé anocht le do thaobh,
Mar is iomaí sin bóithrín caol uaigneach atá ag goil idir mé is thú,
‘S nach ann a bhíodh an spóirt againn chuile oíche Domhnaigh cur gaisce ina shuí,
Bhíodh jug ar an mbord ann is bhíodh mo stóirín fial fairsing dhá roinnt.