Sagart na Cúile Báine – Corn Uí Riada 2018

Sagart na Cúile Báine

Thug mé an ruaig ó Thobar Mhic a’ Duain
Agus chugat anuas le fána,
Ó chontae na Mí go dtí Loch Dearg na Naomh,
Agus chugat aníos Cruach Phádraig.
Ar shiúil mé go fóill níor chuala mé aon cheol,
Ar orgán, fliúit ná cláirseach
Mar a bhí i gceann na lon i dteach pobail Mhaigh Eo
Ag sagart na cúile báine.

Má théann tú go deo go Contae Mhaigh Eo,
Cuir tuairisc ar fhear de Sheoigheach,
Agus gheobhaidh tú é ag teacht chugat sa ród
Mar a bheadh aingeal as ríocht na glóire.
Téir ar do ghlúine ‘gus aithris do rún dhó,
Gur peacach thú a ghluais ins gach ceard
‘S ar uair ár mbáis na Flaithis go bhfáighe
Ó shagart na cúile báine.

Éirigí suas go dtéimid chun siúil,
Go bhfaighimid siúd ón bPápa,
Go bhfaighe muid léas ar theach pobail Mhaigh Eo
Go shagart na cúile báine.
Éirigí suas go dtéimid chun siúil,
Go bhfaighimid sagart na cúile báine.
A d’imigh aréir is nach b’fhillfidh go héag
Mar tá sé i Loch Éirne báite.

Tá Contae Mhaigh Eo faoi leatrom go deo
Ó cailleadh an t-aonmhac Seoigheach
Is go gcuirfeadh sé bród ar aon duine beo
A d’fheicfeadh é san éadach Dé Domhnaigh
Chuirfeadh sé séala ort ag goil insan gcré dhuit
Agus gheobhadh sé na grásta ó Chríost,
Is go gcuirfeadh sé ar an eolas an té nach mbeadh cóir,
Agus mhúinfeadh sé an treoir dhó díreach.

Níorbh ionadh liom péin dhá lasfadh an t-aer
‘S na néalta chomh dubh le airní,
An dealramh ón ngréin is an ghealach í fhéin,
Ó cailleadh ceann seasta na háite.
Paidir is cré an dá aspal déag,
In onóir go Rí na Glóire,
Gan muid a chur i gcré nó go mínítear an scéal
Ar shagart na Cúile Báine.