An Abhainn Mhór – Corn Uí Riada 2011

Tá mo mháithrín go tréan-lag ’s tá sí aonraic ar Chaladh na mBád,
Bíonn sí ag osnaíl is ag éagaoin chuile oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé ina lá,
Tá a comrádaí sínte i gCill Bhríde is tá leac ar a cheann,
Tá a mac ’na cheann siamsa ar fud na tíre agus jug ina láimh.

Nach bhfuil grá do dháréag agam ’s tá siad aonraic ar aon tsloinne amháin,
Ach tá bean óg ar an méid sin agus ní fhéadaim a hainm a rá,
Go dtrioma Loch Éirne is go dtréige an eala a clúmhach bán,
Ní  inseoidh mé go héag dhaoibh cén réasún le go dtug mé dhi grá.

Nach bhfuil grá do chailín óg agam ’s deir go leor liom nach mairfidh sí mí,
‘S nuair a théimse go teach an ósta, níl aon tseoid ann is deise ná í,
Tá a grua mar an rósa tá sí ag doirteadh na meala ar gach taobh,
’S an té a bhlaisfeadh dá póigín is é mo thuairim go mbeidh fad ar a shaol.

Ach chúns a bheas mé beo in Éirinn ní dhéanfaidh mé ciste ná stór,
Chúns a bheas mé beo in Éirinn ní thréigfidh mé tréithe ban óg,
Chúns a bheas mé beo in Éirinn nach bpléascfaidh mé an jug ar an mbord,
Le do shláinte-sa, a mhíle stóirín, sé mo truaigh nach liom do dhá bhó.

Dar mo mhionna agus mo mhóide is dar an leabhar mór a bhfuil mé ag dul thríd,
Le comhluadar ban óg go deo deo ní ghabhfaidh mé aríst,
Mar is leo a chaith mé mo bhróga ó thús m’óige go dtí deireadh mo shaol,
Is gurbh iad cailíní bhun an bhóthair a mhúin an t-eolas dom amach go Trá Lí.

Tá mo chóta mór stróicthe, ochón is tá sé ag sileadh liom síos,
Ach an té a chuireadh caoi agus cóir air, céad faraor tá sé i bhfad as mo shlinn,
Níl aon fhear a phósfadh mo stóirín ‘gus mé a bheith ina dhiaidh
Nach mbainfinn an tsrón dhe nó ba mhór mhór a chairde sa tír.

Tá mo rúitíní  gearrtha is ní áirim  is tá mo ioscaidí tinn
Ag ísliú is ag ardú na málaí seo aniar thar mo dhroim
I bhfad ó mo chairde agus gan áit agam a ligfinn mo scíth
Ach le toil rí na ngrásta ní bheidh toil orm ach seal is cén bhrí.

Mo mhíle slán leat, a Abhainn Mhóir bhoicht,
 Is é mo thruaigh gan mé anocht le do thaobh,
Mar is iomaí sin bóithrín caol uaigneach atá ag goil idir mé is thú,
Nach ann a bhíodh an spóirt againn chuile oíche Domhnaigh ag cur gaisce ina shuí,
Bhíodh jug ar an mbord ann is bhíodh mo stóirín go fial fairsing dhá roinnt.