Úna Bhán – Corn Uí Riada 2010

Úna Bhán

A Úna Bhán nach gránna an luí sin ort,
I gcónra chaol chláir i measc na ndtáinte corp,
Mar a dtaga tú le fóir orm a phlanda óig a bhí riamh gan locht,
Ó ní thiocfaidh mé an turas go brách ach anocht.

A Úna Bhán ba rós sa i ngairdín thú,
Mar choinnleoir óir ar bhord na banríona thú,
Mar chláirseach chaoin cheoil a dhul romham sa mbóthar thú,
‘Sé mo léan dóite níor pósadh le do ghrá geal thú.

‘S a Úna Bhán nach tú a chuir scaipeadh ar mo  chiall,
‘S a Úna Bhán nach tú a chuaigh idir mé is Dia,
‘S a Úna an chraobh chumhra is a lúibín chasta na gciabh,
‘S  nárbh fhearr dhomsa  gan súile ná thú a fheiceáil ariamh.

‘S a Úna Bhán , ní háil liom féin ach thú,
Tar go dána, a chlár an éadain úir;
Is tú ba háille bhreátha céibh is cúl,
Anois ó tharla i lár na léine thú.

Shiúil mé na cúigí de mháirseáil chrua,
Agus dhiúltaigh an cúpla mo lámh bhreá shuairc,
Úrscoth na Búille dob fhearr faoi bhuaibh,
‘S nárbh fhiúntaí a cumhdach nó  bás d’fháil uainn.

A shúil is glaise ná ligean anuas an braon,
A bhéal is binne ná guth na gcuach ar chraobh,
A thaobh is gile ná coipeadh na gcuan seo thíos,
A  stór ‘s a chumainn nach minic mo bhuaireamh thríot.

‘S tá an sneachta seo ar lár is é dearg le fuil,
Ach samhail mo ghrá ní fhaca mé in áit ar bith,
Féachaigí a mhná cé acu ab fhearr ná an t-óchón sin,
Aon ghlao amháin is mé in Áth na Donóige.

Mo scrúdadh thú a Úna Nic Dhiarmada Óig,
A scoth na mban bhuartha is a Brianach  óg
Do bhéal mar an siúcra, an leamhnacht  ‘s an fíon ar bord
Do chois lúfar a shiúlfadh gan fiar i mbróig.

‘S dhá mbeadh píopa fada cailce a’m ‘s tobac ‘bheith ann,
Óra shuífhinnse síos nó go  n-ólfainn dhe mo sháith,
‘S maith a d’inseoinnse dhaoibhse, cé gcónaíonn Úna Bhán,
I gCill Bhríde ‘tá sí sínte mo chreach ‘s mo chrá.