Sagart na Cúile Báine – Sean Nós

Sagart na Cúile Báine

Thug mé an ruaig ó Thobar Mhic a’ Duain
Agus chugat anuas le fána,
Ó chontae na Mí go dtí Loch Dearg na Naomh,
Agus chugat aníos Cruach Phádraig.

Ar shiúil mé go fóill níor chuala mé aon cheol,
Ar orgán, ar fhliúit ná cláirseach
Mar a bhí i gceann na lon i dteach pobail Mhaigh Eo
Ag sagart na cúile báine.

Má théann tú go deo go Contae Mhaigh Eo,
Cuir tuairisc ar fhear de Sheoigheach,
Agus gheobhaidh tú é ag teacht chugat sa ród
Mar a bheadh aingeal as ríocht na glóire.

Téir ar do ghlúine ‘gus aithris do rún dhó,
Gur peacach thú a ghluais ins gach ceard
‘S ar uair ár mbáis na Flaithis go bhfáighe
Ó shagart na cúile báine.

Éirigí suas go dtéimid chun siúil,
Go bhfaighimid siúd ón bPápa,
Go bhfaighe muid léas ar theach pobail Mhaigh Eo
Do shagart na cúile báine.

Éirigí suas go dtéimid chun siúil,
Go bhfaighimid sagart na cúile báine.
A d’imigh aréir is nach b’fhillfidh go héag
Mar tá sé i Loch Éirne báite.

Tá Contae Mhaigh Eo faoi leatrom go deo
Ó cailleadh an t-aonmhac Seoigheach
‘S go gcuirfeadh sé bród ar aon duine beo
A d’fheicfeadh é san éadach Dé Domhnaigh.

Níorbh ionadh liom péin dhá lasfadh an t-aer
‘S na réalta chomh dubh le airní,
An dealramh ón ngrian is an ghealach í fhéin,
Ó cailleadh ceann seasta na háite.