An Seanduine Cam – Corn Uí Riada 2009
Amhránaí
An Seanduine Cam
Ó bhí aithne agam is eolas ar sheanfhear sách dóighiúil
‘Sé an áit a raibh cónaí air, thíos ins an ngleann,
Bhí sé i ndeis mhór ann, bhí eallach go leor aige,
Airgead is ór buí le cur ina cheann.
Muise ghlac sé de chomhairle bean óg a phósadh,
‘S go gcoinneodh sé a chúrsa seacht n-uaire ní b’fhearr,
Ach ar maidin is tráthnóna bhí fearg is gruaim uirthi,
Faoi eochair an trunc mar nach raibh sí le fáil.
‘S nach suarach an ní dhuitse bualadh faoi mhnaoi ar bith,
‘Gus fios ag do chroí istigh nach dtabharfaí dhuit grá,
Nuair nach mór é mo ghnaoi ort, nár fhaigh tú de shaol é ,
Go bhfanfainnse taobh leat a sheanspleantair cham.’
‘S nach dtug mé go leor dhuit, airgead is ór buí,
Báid bheaga ,báid mhóra, capall is carr,
Le n-ithe do dhóthain is beatha mhaith chóiriúil,
Togha leaba chlúmhaigh is cead codladh go sámh.’
Gach uile short eile dár chuir do chroí spóirt ann,
Go dtí fiú an pharasól le tabhairt leat in do lámh,
Capall nó pónaí le cur fút i gcónaí,
Chuig an aifreann Dé Domhnaigh dhá dtográ a dhul ann.
‘Muise, dhá dtugtá an saol mór le n-ithe is le n-ól dom,
Saibhreas Rí Sheoirse is ba mhór é le rá,
Loingeas faoi sheolta is cóistí ar bhóithre,
‘S go mb’fhearr liom fear óg ná thú, a sheanduine cham.’
‘Nuair nach nglacfaidh tú comhairle téirigh ar a thóraíocht,
‘S cuir ort do bhróga is do chlóca ar do bhráid.
Bí ag na cros bhóithre ‘teacht don tráthnóna,
Beidh seans ar fhear óg agat ma bhíonn tú i bhfad ann.
‘S nuair a thiocfas an oíche ‘s nach bhfaighidh tú aon dídean,
Ó tosóidh tú ag caoineadh ‘s gan aon mhaith dhuit ann.
Thabharfainnse an Bíobla, is í a thabhairt le glan-fhírinne,
Go mb’fhearr leat a bheith aríst ag do sheanduine cam.
‘S nach suarach an tslí dom mo shamhail de mhnaoi,
A bheith ag caitheamh mo shaoil leat gan súgradh ná greann,
‘S an fhairsneacht ‘tá sa saol agam ó Ghaillimh go Luimneach,
Is a liachtaí sin Muimhneach i gCo. An Chláir.
Dhá bhfaighinnse dídean timpeall na Saoirseacht,
Ó d’fhéadfainn an geimhreadh seo a chaitheamh go sámh
Shasódh sé m’intinn ‘s ní bheadh briseadh croí orm,
Seachas a bheith sínte síos leatsa a sheanduine cham!
Muise dhá mbeifeá chomh críonna ‘s ba chóir do bhean tí a bheith,
‘S tú a d’fhéadfadh an geimhreadh seo a chaitheamh go sámh,
Mar olann na gcaorach ’s go n-íocfadh sé an cíos dúinn,
‘S an méid eile a dhéanfadh muid le cur ina cheann.
Ó ní mar sin a bhí tú ach lán de dhrochsmaointe,
Mar is iomaí sórt intinn a thagann do mhná,
’Gus tá mé rí-chinnte dhá mbeifeá sách críonna,
Go mb’fhearr leat a bheith arís ag do sheanduine cam!