Máire Ní Mhongáin – Corn Uí Riada 2009

Téamaí

Máire Ní Mhongáin

Ná raibh triúr mac agam a bhí go hoilte tóigthe,
Cé gur ghearr an lón dhom iad, céad faraor ghéar;
Mar d’fhágadar a máithrín bhocht ag sileadh deora
Chuile lá Domhnaigh is í ag gol ina ndiaidh.

Ní raibh suim ar bith agam ins an mac ba óige,
Cé go mba lách an leoinín é Peadar fhéin;
Ach sé an mac is sine acu nach é a chráigh go mór mé
Mar mí beo ní bheidh mé le cumha ina dhiaidh.

A muise a Pheadair muirneach a bhí go hoilte múinte
Agus  a chuaigh ar chúntar a bheith níos fearr;
Mar bhí gnaoi na gcomharsan ort an fhad is a bhí tú liomsa,
‘S nach maith an chúntóir thú amuigh le Seán.

Ach tá súil le Muire agam go bhfaighidh tú iomlaíocht
Agus fortún cumhachtach ó Rí na nGrást,
A bhéarfas abhaile agam thú slán ó chontúirt,
Mar is mór é mo chumha i ndiaidh mo mhicín bháin.

‘S an bhfuil trua ar bith in Éirinn níos mó ná mise
I ndiaidh an chéad mhic nach é a chráigh mo chroí
B’ím ag guibhe Dé agus ag déanamh déirce
Ach níl aon scéal ag tíocht ó mhuir ná ó thír.

Is nuair a sheasaimse amach ar na cnocáin arda
Agus a fheicim na báid ag goil dul thríd an bhfarraige aniar
Nach mbíonn mo shúile leata agus mé ag súil go cráite
Go mbeadh mo mhaicín muirneach ar an teile thiar.

Is nach mac gan chumann thú a mhicín mhuirneach
Nach dtagann ar cuairt agam go oíche nó ló
Tar éis gur chaith mé trí ráithe gan aon scíth do d’iompar
Agus chuaigh mé i gcontúirt leat aon oíche amháin.

Is nach dtug mise scoil dhaoibh agus beagán foghlaim
Do réir mo chumhacht sibh a bheith níos fearr
Is nach beag a ghoilleas mo ghalra dumhach ort
Fébí cúige ina mbíonn tú ann.

Is nach beag a ghoilleas mo ghalra dumhach air
Is a liachtaí brón tá goil trí  mo chroí
Táinig tinneas orm is chaill mé mórán
Is níl luach na cónra agam anois faraor.

Ní hé sin is measa liom ná a chrá go mór mé
Ach mar a rinne mé an pósadh ar ais aríst,
Bhain sé an chlann dhíom a bhí oilte tógtha
‘Is muirín óg orm  is mé go lag ina chionn.

Is cá’il an truaigh in Éirinn ach mac is  máthair
A bheith ag goil le fána ar a chéile chóichín
A chuaigh go Sasana in san Arm Gallda
Gan fios a pháighe ach beagán bia.

Ach dá mba i mBaile na Cille agamsa a bheadh do chnámha
Ní bheinn chomh cráite ná a leath do dhiaidh,
Ach mo chúig chéad beannacht leat go Ríocht na nGrásta
Is nuair nach bhfuil sé i ndán dhom thú a fheiceáil choíchín.

Mar is mór a ghoileadh bean i ndiaidh a páiste
Dá bhfaigheadh sé bás uirthi is é in aois a mhí
Is nach iomaí forránach breá lúfar láidir
Atá gaibhte thar sáile is nach bhfillfidh choichín

Ní hé sin a mharaigh mé dhá mhéad mo bhuaireadh
Ná a rinne gual dubh de mo chroí im’ lár
Ach níl le teach mo charaid agam le ghoil ar cuairt ann
Is níl bean mo thruaigh bheith ann ‘mo dhiaidh.

Má sé an bás a chlis orm ach a d’fhág faoi bhrath mé
Mar is iomaí geall maith a chuir sé i gcill
Gurb é an fortún deireanach a bhí dhá bharr agam
Nó gur gheal mo cheann is gur dhubh mo chroí.

Is nuair a d’fheicinnse mná an bhaile agus a gclann in éineacht
Nach scaipeann réasún agus meabhair mo chinn
Ach tá deireadh mo sheanchais agus mo chomhrá-sa déanta
Is ní labhróidh mé arís oraibh nó do dté mé i gcill.