Úna Bhán – Comórtas na bhFear 2016
Amhránaí
Úna Bhán
A Úna Bhán nach gránna an luí sin ort,
I gcónra chaol chláir i measc na ndtáinte corp,
Mar a dtaga tú le fóir orm a phlanda óig a bhí riamh gan locht,
Ó ní thiocfaidh mé an turas go brách ach anocht.
‘S a Úna Bhán ba rós sa ngairdín thú,
Mar choinnleoir óir ar bhord na banríona thú,
Mar chláirseach chaoin cheoil goil romham sa mbóthar thú,
‘Sé mo léan dóite níor pósadh le do ghrá gheal thú.
‘S a Úna Bhán nach tú a chuir scaipeadh ar mo chiall,
‘S a Úna Bhán nach tú a chuaigh idir mé ‘gus Dia,
‘S a Úna an chraobh chumhra is a lúibín chasta na gciabh,
‘S nárbh fhearr dhomsa a bheith gan súile ná thú a fheiceáil ariamh.
A Úna Bhán, ní háil liom fhéin ach thú,
Tar go dána, a chlár an éadain úir;
Is tú ba áille bhreáichte céibh is cúl,
Anois ó tharla i lár na léine thú.
Shiúil mé na cúigí de mháirseáil chrua,
Agus dhiúltaigh an cúpla mo lámh bhreá shuairc,
Úrscoth na Búille dob fhearr faoi bhuaibh,
‘S nárbh fhiúntaí a cumhdach nó bás d’fháil uainn.
A shúil is glaise ná ligean anuas an braon,
A bhéal is binne ná guth na gcuach ar chraobh,
A thaobh is gile ná coipeadh na gcuan seo thíos,
A stór ‘s a chumainn nach minic mo bhuaireamh thríot.
‘S tá an sneachta seo ar lár is é dearg le fuil,
Ach samhail mo ghrá ní fhaca mé in áit ar bith,
Féachaigí a mhná cé acu ab fhearr ná an t-óchón sin,
Aon ghlao amháin is mé in Áth na Donóige.
Mo scrúdadh thú a Úna Nic Dhiarmada Óig,
A scoth na mban bhuartha is a Brianach Óg
Do bhéal mar an siúcra, an leamhnacht ‘s an fíon ar bord
Do chois lúfar a shiúlfadh gan fiar i mbróig.
‘S dhá mbeadh píopa fada cailce a’m ‘s tobac a bheith ann,
Óra shuífhinnse síos nó go gcaithfinn dhe mo sháith,
‘S maith a d’inseoinnse dhaoibhse, cé gcónaíonn Úna Bhán,
I gCill Bhríde ‘tá sí sínte mo chreach ‘s mo chrá.