Ócam an Phriosúin – Sean Nós na bhFear 2025
Amhránaí
Ócam an Phriosúin
Ó molaim sú an ghráin eorna go deo deo ‘gus choichín
Sé an trua nach mbeadh tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh
Seán Ford a bheith ina ghiúistís, sé chomhairleodh na daoine
Mar sé a chuir mise ag foghlaim ar ócam a spíonadh.
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Bhí mise maidin Shamhradh ‘gus mo leaba déanta síos agam
Nuair a chonaic mé an sáirsint ag gluaiseacht go dtí mé.
“A b’in é an chaoi a bhfuil tusa, is an méid atá le déanamh?
Do dhá lámh i do phócaí is ócam le spíonadh?”
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Óra a hosclaíodh dhomsa stór a raibh ócam thar maoil ann
Is thug mé lán mo ghabhlach liom, mo dhóthain go ceann míosa,
Nach mise a bhain na gáirí as an ngarda a bhí i mo thimpeall
Nuair a d’fhiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fionnach?
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Shílfeá gur barrach a baineadh den líon é
Nar a m’olc é mo ghean ar an tseanbhean a shníomh é.
Mheá sí sna scálaí ina mhálaí breá cruinn é
Ansin leis na carlaí, scall sí sa ngeimhreadh é.
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Ó iarr ar Mac Uí Lochlainn ina chodladh go suaimhneach,
Nár ionsaigh na luchain a chuid ócam san oíche.
Ar maidin lá arna mhárach, bhí an warden á inseacht
“By dad”, a deir an gobharnóir, ”tá an diabhail uilig déanta.”
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Nach mise a bhíonns go tuirseach ag tochas ‘s ag sníomhadh
Ag obair don eochreóir a bhfuil eochair aige is míle
Óra d’osclódh sé doirse ‘gus glais uilig na hÉireann
Is cuirfeadh sé na tincéirí is na stiléirí i ngéibheann.
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Nach mise a bhíonns go brónach gach Domhnach is lá saoire
Ag siúl amuigh sa ngairdín, istigh i bhfáinne is mé ag goil thimpeall
Nach a sileann mo shúil deora i gconaí nuair a smaoiním
Gur olc an obair Domhnaigh dhom ‘bheith i gcónaí ar an gcaoi seo.
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Ó tarraingeoir sú na heorna fós ins an ísleán
Beidh buidéil ins gach láimh liom, amhráin is rince
Beidh an pota ‘gus an dabhach is an chabhair ag tíocht timpeall
Beidh gloine againn le n-ól di, is ár gcuid ócam dhá spíonadh.
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Tá fataí ‘gus prátaí i ngairdín an phríosúin
‘Gus meitheal lena lánadh le fáil ón nGarda Síocháin
Tá crann torthaí ag fás ann, ó airní ‘gus spíonáin
Ó siúd é thríd an arm é máistir na híocaíocht.
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Ach má chuirtear ceist go deo ort cén job is deacra a dhéanamh
Ag dul le spíonadh ócaim nó Cuan an Fhir Mhóir a thaoscadh?
Agus ram-sa-didle-óram, sé ócam an phríosúin,
Go bhfágfaidh sú an ghráinne eorna na hÓglaigh dhá spíonadh.