Liam O’Reily – Sean Nós na bhFear 2025

Téamaí

Liam Ó Raghallaigh

Ó ‘s an cuimhneach libh an lá úd go raibh an tsráid seo lán go eachraí
Ag sagairt ‘s ag bráithre ‘s iad ag trácht ar ár mbainis.
Bhí an fhidil ar clár ann ’gus an chláirseach dá spreagadh,
Bhí triúr go na mná bána ann le mo ghrá gheal a chur ar an leaba.

I mo bhaintreach agus mo mhaighdean sea fágadh mé go hóg,
‘S tabhair scéala ag mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór.
Dhá mbeinnse san mbád an lá sin ‘gus mo dhá láimh a bheith ar scód,
‘S dar m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh gur deas mar leigheasfainn do bhrónn.

Ní hionadh liom scéal cráite a ‘bheith ag do mháithrín ‘gus ag t’athair,
Ná ag banaltra na gcíocha bána bhíodh ag trácht ort agus tú i do leanbh.
Ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba.
Nuair a shíl mé bheith do do phógadh ar do thórramh a bhí an bhainis

Is ní mhór liom dhuit do Liam Ó Raghallaigh a bheith i do chliamhain ag an rí,
‘Gus cuirtíní geala gléigil ar gach taobh dhuit is tú i do luí
Maighdean chiúin chéillí ‘s í ag réiteach do chinn,
Is ó luadh muid chomh hóg le chéile sé’n trua mar a d’éag tú lena linn.

Ó bhí tú ar an triúr úd a chuaigh go Cill Chumáin
Ag tionlacan an athair Peter a bhí in aois na cheithre fichid
Dhá dtiocfása faoi cheann míosa ach mo léan choíche ní thiocfair
Is nach é an truaigh sin bean san oíche is a claonchruth i mbarr toinne.

Is tá do shúile ag na péiste is tá do bhéilín ag na portáin.
‘S tá do dhá láimhín gheal ghléigeal faoi ghéarsmacht na mbradán;
Ó chúig phunt is ea a bhéarfainn don té a thógfadh mo dhianghrá
Sé mo léan thú a bheith i t-aonar, a Neilí Ghléigeal Nic Siúrtáin.

Mo mhallacht go na bá saortha a rinne an bád
Nár aithris dhom féin go raibh an t-éag ins na cláir
Dá dtéighfá go Coillte Eochaill ‘gus an t-adhmad a cheannacht daor
Ní bháfaí mo mhíle stórín ar chóstaí Mhalbay.